Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
Déardaoin, 13 Feabhra 2020 - Strasbourg Eagrán sealadach

Republic of Guinea, notably violence towards protesters
MPphoto
 

  Seán Kelly, thar ceann an Ghrúpa PPE. – A Uachtaráin, nuair a toghadh an tUachtarán Alpha Condé in 2010, ceapadh go raibh ré nua órga dhaonlathach i ndán don Ghuine. Ach, cosúil le a lán daoine, nuair a chuaigh sé i gcumhacht, bhí ardmheas aige ar an gcumhacht agus theastaigh uaidh an chumhacht a choimeád dó féin. Tháinig sé anuas go trom ar dhaoine a bhí ag déanamh agóide agus ar lucht an fhreasúra.

Anois feicimid go bhfuil sé ag iarraidh an bunreacht a athrú i dtreo is gur féidir leis fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide. Ní nach ionadh go raibh mórshiúlta agóide ann. Ach cad a tharla? Thángadar anuas go trom orthu arís. Lámhachadh daoine agus mar sin de.

Dá bhrí sin, is ceart agus is cóir go bpléifimis an cás seo inniu faoin nGuine agus go gcuirfimis gach brú is féidir ar an Uachtarán Alpha Condé chun an bunreacht a leanúint, ionas go mbeidh toghcháin shaora acu anois.

 
An nuashonrú is déanaí: 7 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais