Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
 Innéacs 
 Téacs iomlán 
Díospóireachtaí
XML 2k
Dé Céadaoin, 10 Márta 2021 - Brussels Eagrán sealadach

Reforming the EU policy framework to stop tax avoidance in the EU after the OpenLux revelations (continuation of debate)
MPphoto
 

  Billy Kelleher, thar ceann an Ghrúpa Renew. – A Uachtaráin, tá áthas orm labhairt faoi seo inniu mar tá sé an-tábhachtach go mbeadh muinín ag an bpobal as ár gcórais chánachais. Is iomaí mórscéalta atá tar éis teacht chun solais le deich mbliana anuas tar éis fiosrúcháin ag iriseoirí, agus is eagal liom nach mbeidh fiosrúchán OpenLux ar an gceann deireanach.

Ar dtús, ní mór dúinn na hiriseoirí seo a mholadh as a gcrógacht agus a seasmhacht, agus na scéalta seo á nochtadh acu. Ar an dara dul síos, agus níos tábhachtaí fós, mar lucht déanta beartas agus mar reachtóirí, ní mór dúinn déileáil leis na lúba ar lár agus leis na fadhbanna inár gcreat cánach.

Tá rud amháin ann a éascaíonn seachaint cánach, sciúradh airgid agus gníomhaíochtaí coiriúla eile, mar atá léirithe le OpenLux, agus is é sin an rúndacht. Sin an fáth nach mór dúinn trédhearcacht, comhar agus comhroinnt eolais a mhéadú i measc ár n-údarás cánach agus ioncaim. Ní mór dúinn fáil amach cad a dhéanann cuideachtaí san Aontas, conas a ghineann siad ioncam, cá háit a ngineann siad ioncam, agus, níos tábhachtaí fós, cé leis iad. Ní mór dúinn fáil amach cé hé an tairbhí deiridh.

Mar sin féin, caithfimid a bheith cúramach gan an mhian seo agus an díospóireacht seo a mheascadh le cúrsaí cánach eile – rud a tharlaíonn go minic anseo. Caithfimid a bheith cúramach go bhfuil an díospóireacht seo agus aon ghníomhaíocht leantach ón Aontas dírithe agus éifeachtach, agus nach dtosóimid ag plé inniúlacht na mBallstát maidir le cúrsaí cánach nó rátaí cánach.

 
An nuashonrú is déanaí: 22 Márta 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais