United States sanctions and the Rule of law (continuation of debate)
Billy Kelleher (Renew). – A Uachtaráin, is minic a bhíonn an tAontas Eorpach an-tapa chun imscrúduithe nó tuarascálacha a sheoladh maidir le héilliú nó éagóir i dtríú tíortha. Is rud an-dearfach é sin. Is minic, áfach, a bhíonn an tAontas thar a bheith mall chun imscrúdú a dhéanamh ar iompraíocht neamhdhleathach agus éillitheach i gceann dá Bhallstáit.
Is cúis mhór imní dúinn gur cosúil gur ghníomhaigh na Stáit Aontaithe níos tapúla ná mar a dheineamar maidir le líomhaintí éillithe sa Bhulgáir. Ní mór dúinn a bheith dian, diongbháilte agus éifeachtúil chun smacht a choimeád ar ár gcúrsaí féin. Is mór an náire dúinn é gur dhein na Stáit Aontaithe imeachtaí a thionscnamh níos tapúla ná mar a dheineamarna.
Ní féidir leis an Aontas Eorpach é féin a léiriú mar bharrshamhail mhoráltachta agus dea-chleachtais nuair a bhíonn sé mall ag déileáil le héagóir i gceann dá Bhallstáit féin. Caithfidh an Coimisiún a chumhachtaí féin a úsáid níos fearr maidir le déileáil le daoine éillitheacha agus caithfidh sé an Smacht Reachta a chosaint is cuma cá dtarlaíonn sáruithe.