Chris MacManus (The Left). – A Uachtaráin, votáil mé i bhfabhar na tuairisce seo mar gheall go gcreidim gur ábhar chearta an duine é an t-uisce. Chuir an tuairisc seo béim ar an bhfíric gur leas poiblí atá fíorthábhachtach do shaol an duine é an t-uisce, agus ní earra é atá ann chun brabús a dhéanamh. Is cuma cén áit sa domhain a bhfuil tú. Ba cheart go mbeadh uisce glan agus sábháilte ar fáil do gach duine.