Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, bhí áthas orm vóta a chaitheamh ar son na tuarascála a d’eagraigh mo chomhghleacaithe Uí Ghearailt agus Ó Céileachair as Éirinn ar an rialachán leasaitheach tábhachtach seo. Tá an gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil tábhachtach lena cinntiú go bhfuil na coimircí is gá i bhfeidhm i sholáthar seirbhísí airgeadais chun cibirionsaithe agus rioscaí eile a bhaineann le TFC a mhaolú. Is fíorchontúirtí iad cibirionsaithe sa lá atá inniu ann. Tharla ceann in Éirinn anuraidh nuair rinneadh ionsaí le bogearraí éirice ar Fheimeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí tionchar fadréimseach agus fadtréimhseach aige sin chun freagairt ar an ualach mór airgeadais a bhí ar íocóirí cánach ina dhiaidh sin. Is céim sa treo ceart í reachtaíocht a chinnteoidh go gcosnaítear ár ríomhchórais.