Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, táim sásta an moladh seo d’fhorbairt Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh a thacú. Beidh ról ríthábhachtach aige ag deimhniú go dtroidfidh an tAontas Eorpach i gcoinne bochtaineachta agus éagothroime. Cinnteoidh sé go n—oibreofar i dtreo spriocanna forbartha iar-bhunaithe na Náisiún Aontaithe agus go stopfar athrú aeráide na cruinne. Deimhneoidh an plean seo go n-oibreoidh tíortha an Aontais Eorpaigh agus na hinstitiúidí le chéile chun comhtháthú polasaí a bhaint amach. Ina theannta sin, cinnteoidh sé go mbainfear úsáid éifeachtach as airgead poiblí. Tagróidh an plean seo d’fhorbairt pholasaí an Aontais Eorpaigh i ndiaidh na paindéime agus i ndiaidh iarmhairtí chogadh na hÚcráine. Feabhsóidh forbairt Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh léargas an Aontais agus an tionchar atá ag an Aontas ar an domhan airgeadais.