Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, tacaím go hiomlán leis an moladh seo chun Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip nó ‘STEP’ a bhunú. Déanfaidh an t-ardán nua seo infheistíocht a dhíriú ar réimsí na teicneolaíochta digití agus doimhne, na teicneolaíochtaí glana agus na bith-theicneolaíochtaí, agus é mar aidhm aige an tionscadal tábhactach seo a chaomhnú, a fhás agus a fhorbairt ar fud na hEorpa. Trí mheascán de spreagthaí agus de bhearta airgeadais chun cistiú tionscadal a éascú, déanfaidh sé cistiú a úsáid chun tacú le teicneolaíochtaí criticiúla faoi chláir agus cistí an Aontais atá ann cheana. Cabhróidh an méid seo go mór le ceannasacht agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais san earnáil seo a neartú, rud atá fíorthábhachtach sa lá atá inniu ann.