Seán Kelly (PPE). – A Uachtaráin, vótáil mé i bhfabhar an mholta seo chomh maith maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fograíochta polaitiúla. Is é an aidhm don mholadh seo ná go mbeadh saoránaigh na hEorpa in ann fógraí polaitiúla a aithint go héacsa, a thuiscint cé atá taobh thiar díobh, agus fios a bheith acu an fógra spriocdhírithe é an fógra atá faighte acu ionas go mbeadh siad níos fearr ar an eolas le roghanna tomhaiste a dhéanamh. Cabhróidh sé le díospóireacht pholaitiúil oscailte agus chothrom sna Ballstáit a chaomhnú. Tabharfaidh sé cosaint chomh maith do chearta bunúsacha na saoránach, go háirithe an ceart chun príobháideachais. Tá áthas orm chomh maith nach dtéann an moladh seo thar fóir agus go bhfuil gnáthfhógraíocht pholaitiúil fós indéanta agus praiticiúil faoi na rialacha nua.
Sēdes vadītājs. – Līdz ar to šā darba kārtības punkta izskatīšana ir pabeigta.