Ceist pharlaiminteach - E-001236/2016(ASW)Ceist pharlaiminteach
E-001236/2016(ASW)

Freagra ón gCoimisinéir Avramopoulos thar ceann an Choimisiúin

Foráiltear, sa togra le haghaidh Rialachán maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach (EBCG) go n-ainmneoidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach um Chearta Bunúsacha. Lena chois sin, deirtear ann go mbeidh an tOifigeach neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid dualgas agus go dtuairisceoidh sé go díreach don Bhord Bainistíochta agus go gcomhoibreoidh sé leis an bhFóram Comhairleach.

Is sásra riaracháin é an sásra um ghearáin faoina mbeidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha freagrach as gearáin a láimhseáil. Seolfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha gearáin inghlactha a bhaineann le ball foirne de chuid na Gníomhaireachta go dtí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chinnteoidh go ndéanfar obair leantach iomchuí, bearta araíonachta san áireamh. Cuirfear ar aghaidh chuig an mBallstát baile gearáin inghlactha a bhaineann le garda teorann de chuid Ballstát aíochta nó le ball de na foirne. Cláróidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha obair leantach na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit sin. Is iad na Ballstáit féin a dhéanfaidh imscrúduithe coiriúla.

Ní dhéantar foráil sa togra i dtaca le ról gníomhach a bheith ag Parlaimint na hEorpa chun faireachán a dhéanamh ar an sásra um ghearáin. Mar sin féin, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa tuarascáil mheastóireachta faoi cheann trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Sa mheastóireacht seo, beidh anailís shonrach ar an tslí a ndearnadh forálacha ábhartha uile Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Cuirfidh an Fóram Comhairleach, ina cháil mar acmhainn eolais agus saineolais a chuireann comhairle ar fáil don Ghníomhaireacht i gcúrsaí a bhaineann le cearta bunúsacha, comhairle straitéiseach ar fáil faoin gcaoi a mbeidh an Ghníomhaireacht in ann urraim do chearta bunúsacha ina chuid gníomhaíochtaí éagsúla a fheabhsú, eadhon an sásra um ghearáin.