Trasnáil mhór i gcomhair freagra i scríbhinn maille le díospóireacht G-000002/2018
ar an gCoimisiún
Rule 130b
Ivan Jakovčić
thar ceann an Ghrúpa ALDE
Ábhar:Staid thionscal longthógála na hEorpa
Bhí tionscal na longthógála agus tionscal trealaimh mhuirí i measc na dtionscal ba thábhachtaí agus ba straitéisí le blianta fada anuas san Eoraip, tionscadail a fhostaíonn thart ar 450000 duine i mBallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá siad tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta agus na sochaí de, ag soláthar fostaíochta ar ardchaighdeán do chuideachtaí móra agus do FBManna agus ag rannchuidiú leis an mbonneagar tionsclaíoch réigiúnach. Tá thart ar 150longchlós san Eoraip, a bhfuil go leor díobh gníomhach ar an margadh domhanda, agus tá thart ar 6% de sciar an mhargaidh acu ó thaobh tonnáiste de.
Tá náisiúin longthógála na hEorpa rólag chun déileáil leis an mbrú iomaíoch ón Áis, go háirithe ón tSín agus ón gCóiré Theas, a bhfuil straitéisí longthógála náisiúnta spriocdhírithe i bhfeidhm ag na tíortha ann.
Ag leanúint ar aghaidh ó thionscnamh LeaderSHIP 2020, an bhfuil plean sonrach ag an gCoimisiún straitéis thionsclaíoch iomlánaíoch a cruthú d’earnáil longthógála agus trealaimh mhuirí san Eoraip chun tacú le hiomaíochas fadtéarmach, le hinbhuanaitheacht eacnamaíochta agus le fás na hearnála tábhachtaí sin?
An bhfuil bearta nithiúla á nglacadh ag an gCoimisiún chun tacú leis na buntáistí iomaíocha ardteicneolaíochta agus ardluacha a bhaineann le longthógáil Eorpach, agus chun na buntáistí sin a chaomhnú?
An bhfuil beartas soiléir agus bearta i bhfeidhm ag an gCoimisiún chun díriú ar bhagairtí ó iomaíocht éagórach idirnáisiúnta agus ar an easpa rialacha trádála domhanda?