Le déanaí, nochtadh cásanna éagsúla maidir le drochúsáid ghnéasach agus mí-iompar gnéasach laistigh d’eagraíochtaí cabhrach idirnáisiúnta. Ina measc tá an teacht i dtír gnéasach ar dhídeanaithe ón tSiria a rinne daoine a chuireann cabhair ar fáil thar ceann na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta aitheanta.
D’fhógair roinnt tíortha, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe san áireamh, go mbeidís ag déanamh imscrúduithe ar an gcistiú a chuireann siad ar fáil do na heagraíochtaí sin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus go bhfuil sé i gceist acu bearta a dhéanamh chun cásanna dá leithéid a chosc amach anseo. Trína chuid ionstraimí airgeadais seachtracha agus tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta, tugann AE na billiúin euro de chúnamh do thríú tíortha, trí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus bealaí eile.
1.An ordóidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí go ndéanfaí imscrúdú cuimsitheach chun a chinneadh ar maoiníodh le cistí AE, go díreach nó go hindíreach, na heagraíochtaí ina tharla drochúsáid ghnéasach?
2.Conas a fhreagróidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí do na cásanna drochúsáide a nochtadh le déanaí? Chun mí-iompar gnéasach a chomhrac agus a chosc laistigh d’eagraíochtaí cabhrach idirnáisiúnta, an bhféadfaí treoirlínte a chur ar fáil laistigh d’ionstraimí airgeadais seachtracha AE lena leagfaí síos an coinníoll nach dtabharfaí maoiniú do thairbhithe ach amháin i gcás ina n-urramóidh siad na prionsabail, an mhaoirseacht, na treoirlínte, an chuntasacht agus an tuairisciú rialta maidir leis an tsaincheist i dtrácht?
3.An ndéanfaidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí a machnamh ar oibriú le Ballstáit amhail an Ísiltír chun pointí teagmhála a bhunú i dtríú tíortha, lena n-áirítear i gcriosanna géarchéime, d’íospartaigh mí-úsáide?