VP/HR - Gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta stáit arna ndéanamh ag an Iaráin le déanaí san Aontas Eorpach

6.12.2018

Trasnáil mhór i gcomhair freagra i scríbhinn maille le díospóireacht G-000008/2018
ar an gCoimisiún (Leas-Uachtarán / Ardionadaí)
Rule 130b
Anders Primdahl Vistisen, Pavel Telička, Péter Niedermüller, Heinz K. Becker, Frédérique Ries, Jozo Radoš, Nadja Hirsch, Wolf Klinz, Gérard Deprez, Robert Rochefort, Renate Weber, Marietje Schaake, Igor Gräzin, Norica Nicolai, Ilhan Kyuchyuk, Dominique Riquet, Jean Arthuis, Bernd Kölmel, Joachim Starbatty, Kristina Winberg, Peter Lundgren, Jan Zahradil, Ruža Tomašić, Bas Belder, Richard Sulík, Raffaele Fitto, Kosma Złotowski, Laurenţiu Rebega, Karol Karski, Anna Elżbieta Fotyga, Hans-Olaf Henkel, Ryszard Antoni Legutko, Lorenzo Cesa, Anders Sellström, Željana Zovko, Patricija Šulin, Tomáš Zdechovský, Marijana Petir, José Inácio Faria, Antonio López-Istúriz White, Fulvio Martusciello, Esteban González Pons, Milan Zver, Monika Hohlmeier, Cristian Dan Preda, Stefan Gehrold, Traian Ungureanu, Tunne Kelam, Ramona Nicole Mănescu, Anna Záborská, Elisabetta Gardini, Lukas Mandl, James Carver, Monika Beňová, Andi Cristea, Theresa Griffin, Pina Picierno, Boris Zala, Doru-Claudian Frunzulică, Dan Nica

An 30 Deireadh Fómhair 2018 chuir an Danmhairg i leith sheirbhísí faisnéise na hIaráine go raibh sé beartaithe acu duine a fheallmharú i gcríoch na Danmhairge.  Dúirt Príomh-Aire na Danmhairge Lars Løkke Rasmussen go raibh na gníomhartha sin ‘go hiomlán do-ghlactha’ agus go ‘mbeidh tuilleadh plé ann in AE maidir le bearta breise i gcoinne na hIaráine”.

Bhí an t-ionsaí teipthe sin sa Danmhairg i measc ionsaithe eile i sraith comhchealg sceimhlitheoireachta ag an Iaráin san Eoraip anuraidh. I mí Eanáir, rinne na póilíní Gearmánacha ruathar ar 10 ngníomhaire amhrasta ar measadh iad a bheith tar éis spiaireacht a dhéanamh ar thargaidí Iosraelacha agus Giúdacha sceimhlitheoireachta, naíscoileanna Giúdacha san áireamh. An mhí chéanna, chuir údaráis na Gearmáine fios ar ambasadóir na hIaráine teacht chuig Beirlín tar éis dóibh fear Pacastánach a chiontú i spiaireacht, ar son na hIaráine, ar pholaiteoir Gearmánach, mar go raibh sé i gceist b’fhéidir é a fheallmharú. An 10 Deireadh Fómhair, chúisigh údaráis na Beilge taidhleoir Iaránach ar cuireadh ina leith go raibh ionsaí buamála beartaithe aige sa Fhrainc. An lá roimhe sin, fuair údaráis Phoblacht na Seice amach go raibh ionsaí spiaireachta cibirnitice déanta ag Hezbollah, ionadaí na hIaráine. Lena chois sin, dar le tuarascálacha poiblí a chuir seirbhísí faisnéise na Gearmáine ar fáil, baineann an Iaráin úsáid as moscanna mar ‘uirlis de chuid stát na hIaráine’, ag cur chun cinn ‘onnmhairiú réabhlóid na hIaráine’.

1. An aithníonn an tAontas Eorpach go bhfuil sceimhlitheoireacht stáit na hIaráine agus na ngrúpaí Siacha atá ag feidhmiú ar son na hIaráine – dála Hezbollah – ina mbagairt don tslándáil Eorpach?

2. Cén fáth nár cháin SEGS go poiblí na comhchealga sceimhlitheoireachta a tharla le déanaí, nó cén fáth nár chuir sé a dhlúthpháirtíocht ina iúl leis na Ballstáit arb iadsan sprioc na n-ionsaithe? Cén fáth nár cuireadh fios ar ambasadóir na hIaráine chuig AE? Céard atá ar siúl ag AE, má tá rud ar bith, chun srian a chur le gníomhaíochtaí coiriúla agus sceimhlitheoireachta na hIaráine san Eoraip?

3. An bhfuil sé beartaithe ag AE Cór na nGardaí Réabhlóideacha Ioslamacha (IRGC) agus Hezbollah a thoirmeasc ina n-iomláine chun stop a chur leis an Iaráin tuilleadh ionsaithe a dhéanamh san Eoraip?

 

An nuashonrú is déanaí: 12 Feabhra 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais