Ceist pharlaiminteach - O-000020/2017Ceist pharlaiminteach
O-000020/2017

Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000020/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Petra Kammerevert, thar ceann An Coiste um Chultúr agus um Oideachas

Nós Imeachta : 2017/2629(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000020/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000020/2017 (B8-0210/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

I gcomhréir leis an rún a léirigh an tUachtarán Juncker go raibh sé i gceist aige deiseanna breise don aos óg a chruthú, rinne an Coimisiún, an 7 Nollaig 2016, teachtaireacht a ghlacadh (COM(2016)0942) ag fógairt go raibh Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (CDE) á chur ar bun.

Cé go dtacaíonn sé le deiseanna nua a chruthú do dhaoine óga i ndáil leis an méid sin, creideann Coiste CULT gur gá soiléiriú breise a dhéanamh ar líon áirithe de shaincheisteanna tábhachtacha maidir le formáid, feidhmiú, maoiniú, cost-éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach CDE agus gur cheart aghaidh a thabhairt ar na nithe sin i gceart, go háirithe ós rud é go bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún le céim thosaigh CDE (i.e. 2017 agus b’fhéidir ina dhiaidh sin), ag brath go huile agus go hiomlán ar thacaíocht airgeadais ó chláir agus ó bheartais AE atá ann cheana, amhail Erasmus+; an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach, Life+; Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa; clár Sláinte AE; an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht.

Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise an togra reachtaigh atá ar na bacáin, iarrtar ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar na nithe seo a leanas:

1. Níor cheart do CDE teacht in ionad tionscnaimh rathúla atá ann cheana, ach ba cheart dó feidhm a bhaint astu, iad a threisiú agus iad a chomhlánú. Conas a threiseodh CDE an tSeirbhís Dheonach Eorpach (EVS) tuilleadh agus conas a mhairfidh an dá thionscnamh seo lena chéile agus conas a chomhlánóidh siad a chéile sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus ar an mbealach sin go seachnófar dúbailt gan ghá? Conas a bheidh na heagraíochtaí atá bainteach leis an EVS faoi láthair páirteach sa phróiseas seo?

2. Cé acu cláir agus cistí AE atá ann cheana a bheidh in úsáid chun CDE a chur chun feidhme ar dtús báire agus cad í an iarmhairt bhuiséadach a bheidh aige sin ar na cláir sin? Cad atá ar intinn ag an gCoimisiún a dhéanamh a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht airgeadais CDE sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma? Cad iad na hacmhainní buiséadacha a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a úsáid chun tacaíocht airgeadais a thabhairt d’fheidhmiú fadtéarmach CDE?

3. Ba cheart maoiniú AE d’fhostaíocht don aos óg a úsáid go príomha chun tacú le deiseanna fostaíochta fadtéarmacha atá inbhuanaithe. Conas a áiritheoidh an Coimisiún, mar shampla, nach mbaintear feidhm go córasach as obair dheonach in ionad obair íoctha, bíodh sí sin lánaimseartha nó páirtaimseartha? An gcuirfidh an Coimisiún sásra faireacháin agus meastóireachta ar fáil do CDE, d’fhonn go n-áiritheofar a chur chun feidhme i gceart, cáilíocht a shocrúcháin agus inbhuanaitheacht a thorthaí?