Ceist pharlaiminteach - O-000022/2017Ceist pharlaiminteach
O-000022/2017

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000022/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Thomas Händel, thar ceann An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

Nós Imeachta : 2017/2629(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000022/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000022/2017 (B8-0211/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

An 7 Nollaig 2016, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le “Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” (COM(2016)0942 final). Tháinig an méid sin sna sála ar an ráiteas a rinne an tUachtarán Juncker le linn a aithisc ar staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016, ina ndúirt sé an méid seo: “Trí pháirt dheonach a ghlacadh sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, beidh na daoine óga sin in ann a gcuid scileanna a fhorbairt, agus obair agus taithí saoil a ghnóthú.”

Sa Teachtaireacht sin, cuireann an Coimisiún in iúl “go dtabharfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach dhá shraith chomhlántacha le chéile: sraith dheonach agus sraith ghairmiúil. Baineann an tsraith ghairmiúil le hábhair a thagann go díreach faoi inniúlachtaí Choiste EMPL. Dá bharr sin, ba mhaith le Coiste EMPL an méid seo a leanas a fhiafraí den Choimisiún:

1. Conas a dhéanfaidh sé idirdhealú idir obair dheonach ar féidir taithí atá fíorluachmhar a fháil uaithi ach nach bhfuil íocaíocht ag dul léi agus sealanna oiliúna nó printíseachtaí ar cheart íocaíocht a bheith ag dul leo; conas a áiritheoidh sé nach mbainfear aimhleas as obair dheonach mar bhealach chun teacht in ionad cineálacha fostaíochta íoctha rialta?

2. Conas a áiritheoidh sé go gcuirfear gach duine óg san áireamh sa tionscnamh, go háirithe iad siúd atá i ndálaí níos leochailí?

3. Conas a áiritheoidh sé go mbeidh na sealanna oibre agus na printíseachtaí a thairgtear faoin scéim sin ar chaighdeán maith; conas a thabharfar aitheantas do scileanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla?

4. Conas a bhraithfidh sé ar thionscnaimh atá ann cheana amhail Erasmus+ agus an Ráthaíocht don Aos Óg, agus conas a threiseoidh sé agus a chomhlánóidh sé iad, gan iad a ionadú; cén sciar de Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht, de IMIF agus den Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg agus cén maoiniú breise a bhfuil sé ar intinn aige a leithdháileadh ar an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar tá géarghá leis na cistí atá ann cheana i bhfianaise na staide sóisialta agus fostaíochta reatha san Eoraip; an bhfuil sé beartaithe aige dul i dtuilleamaí cistí agus clár eile, Ciste Sóisialta na hEorpa mar shampla? 0

5. Conas a sheachnóidh sé dúbailt nó ionadú clár agus uirlisí atá ann cheana amhail Erasmus+, an tSeirbhís Dheonach Eorpach agus an Ráthaíocht don Aos Óg?