Méadú ar dhleachtanna na hIorua ar tháirgí talmhaíochta/caibidlíochtaí le déanaí ar an bprótacal maidir le trádáil éisc (2016/0052(NLE))
24.3.2017
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000023/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Bernd Lange, , thar ceann An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
I ndiaidh gur fhorchuir an Iorua dleachtanna ad valorem 277 %, 429 % agus 344 % ar cháiseanna áirithe, ar uaineoil agus ar mhairteoil faoi seach in 2013, mheas an Pharlaimint ina rún maidir leis an méadú ar dhleachtanna na hIorua ar tháirgí talmhaíochta[1] go bhfuil na méaduithe sin ag teacht salach ar mheon agus ar ábhar an chomhaontaithe dhéthaobhaigh leis an Iorua agus d’iarr sí ar an gCoimisiún “obair chun réiteach i dtaca le hallmhairiú/onnmhairiú táirgí talmhaíochta atá sásúil do chách a bhaint amach”. Thairis sin, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún na bearta atá beartaithe aige a shonrú má dhiúltaíonn an Iorua teacht ar mhalairt cinnidh agus d’iarr sí air smaoineamh ar ghníomhaíocht bhreise a mholadh cheal comhair, agus é mar aidhm go dtarraingeofaí siar na bearta. Níor tháinig an Iorua ar mhalairt cinnidh.
1. Cad atá déanta ag an gCoimisiún agus ag SEGS chun réiteach atá sásúil do chách a aimsiú?
2. I bhfianaise caibidlíochtaí eile leis an Iorua a tugadh i gcrích le déanaí, amhail an prótacal maidir le trádáil éisc (2016/0052(NLE)), cad iad go díreach na ceanglais agus na bearta atá glactha ag an gCoimisiún agus ag SEGS chun aghaidh a thabhairt ar dhleachtanna ad valorem na hIorua?
3. An bhfuil an Coimisiún agus SEGS cinnte go bhfuil toradh na gcaibidlíochtaí ar leithligh sásúil?
- [1] IO C 75, 26.2.2016, lch. 118.