Ceist pharlaiminteach - O-000037/2017Ceist pharlaiminteach
O-000037/2017

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair maidir leis an gComhshocrú Inbhuanaitheachta a chur chun feidhme sa Bhanglaidéis

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000037/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Bernd Lange, Sajjad Karim, , thar ceann An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Nós Imeachta : 2017/2636(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000037/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000037/2017 (B8-0217/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

In 2013, chuir an Coimisiún, in éineacht leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus comhpháirtithe ríthábhachtacha an Comhshocrú Inbhuanaitheachta ar bun chun an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair a fheabhsú agus chun cearta saothair a neartú in earnáil na n-éadaí réamhdhéanta (EER) sa Bhanglaidéis. Tacaíonn an Comhaontú maidir le Dóiteán agus Sábháilteacht Foirgníochta leis an gComhshocrú, ar comhaontú é a thugann le chéile brandaí AE agus tionscal EER sa Bhanglaidéis, agus déanfar tuilleadh oibre ar an gComhshocrú i gcruinniú eile an 18 Bealtaine 2017. I mí na Samhna 2016, chuir an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) toscaireacht chuig an mBanglaidéis chun tuilleadh oibre a dhéanamh ar an ábhar ar an láthair. Cé go ndearnadh dul chun cinn maidir le feabhas a chur ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht ag an obair, is dúshlán fós é feabhas a chur ar chearta saothair. Ó tharla cuairt INTA, gabhadh ceannairí ceardchumann, leanann caighdeáin idirnáisiúnta de bheith á sárú ag dlí an tsaothair le haghaidh Criosanna Próiseála Onnmhairí (CPO), agus is minic a fhágtar coireanna in aghaidh ceardchumannaithe gan phionós. In ainneoin dul chun cinn a bheith déanta maidir le sábháilteacht dóiteáin agus foirgníochta, is cúis imní do shínitheoirí an Chomhaontaithe a mhoille atá feabhas á chur ar shaincheisteanna sábháilteachta ríthábhachtacha. Tá idirphlé feabhsaithe maidir le cearta saothair agus cearta an duine seolta ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun gur fearr a bheidh prionsabail na gcoinbhinsiún a liostaítear i Rialachán GSP á gcomhlíonadh, ar prionsabail iad a bhfuiltear ag súil leis go ndéanfaidh an Bhanglaidéis mar thairbhí ‘Gach Ní seachas airm’ iad a urramú. I litir a chuir seirbhísí an Choimisiúin chuig Rialtas na Banglaidéise an 16 Márta, d’iarr an Coimisiún go ndéanfaí ‘dul chun cinn fóinteach, substaintiúil, leordhóthanach mar aon le straitéis fhónta faoi cheangal ama’ faoin 18 Bealtaine 2017 maidir leis na ceithre phointe seo a leanas:

– leasuithe ar Acht Saothair 2013 a chur síos;

– a áirithiú go ndéantar leis an dlí lena rialaítear CPOnna saoirse iomlán comhlachais a cheadú;

– imscrúdú a dhéanamh ar bhonn práinne ar gach gníomh idirdhealaithe i gcoinne ceardchumann;

– a áirithiú go ndéantar iarratais ar chlárú i gceardchumainn go pras agus nach ndiúltaítear iad mura gcomhlíonann siad na critéir shoiléire agus oibiachtúla a leagtar amach sa dlí.

1. Cad go díreach atá i gceist le ‘dul chun cinn fóinteach, substaintiúil, leordhóthanach’ agus cén iarmhairt a bheadh ann i ndeireadh na dála mura ndéantar an ‘dul chun cinn’ sin a bhaint amach?

2. Liostaítear sa Tuarascáil Stádais Theicniúil deiridh roinnt dúshlán gur gá don Bhanglaidéis dul i ngleic leo fós. Thug EIS chun suntais i Meitheamh 2016 go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag an mBanglaidéis ar a hoibleagáidí faoi Choinbhinsiún 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais. Cén dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis sin ó shin i leith?

3. Cad iad na chéad chéimeanna eile a bheidh i bpróiseas an idirphlé fheabhsaithe leis an mBanglaidéis? Cé mhéad fianaise atá feicthe ag an gCoimisiún go bhféadfadh na prionsabail a leagtar síos sna coinbhinsiúin a liostaítear i Rialachán GSP a bheith á sárú go tromchúiseach agus go córasach ag an mBanglaidéis?

4. Cad iad na spriocanna a bhfuiltear ag súil leis go bhféadfaí iad a bhaint amach i gcéad chruinniú eile chomhpháirtithe an Chomhshocraithe Inbhuanaitheachta in Dhaka i lár na Bealtaine?

5. Conas a sheasann cúrsaí faoi láthair sa phlé chun fad a chur leis an gComhaontú maidir le Sábháilteacht Dóiteáin agus Foirgníochta atá le teacht chun críche i ndeireadh na Bealtaine 2018?