In 2015, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le ‘cur chun cinn an gheilleagair shóisialta mar phríomhspreagthóir na forbartha eacnamaíche agus sóisialta san Eoraip’. Léirítear sna conclúidí ón gComhairle go ndéanann an geilleagar sóisialta, a eascraíonn as eagsúlacht shaibhir de shamhlacha fiontraíochta, amhail comharchumainn, cumainn fhrithpháirteacha, fondúireachtaí agus fiontraíochtaí sóisialta, ról tábhachtach a imirt i roinnt cuspóirí AE, lena n-áirítear fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, cruthú post cuibhiúil, comhtháthú sóisialta agus nuálaíocht shóisialta.
Tá dhá mhilliún fiontar geilleagair shóisialta san Eoraip a fhostaíonn níos mó na 14.5 milliún duine agus arb ionann iad agus 8% de OTI AE. Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa tuarascáil ón bParlaimint maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta(1), tugann an geilleagar sóisialta dea-shampla maidir le fostaíocht ardchaighdeáin a chruthú, tacú le cuimsiú sóisialta agus geilleagar rannpháirteach a chur chun cinn.
In 2016, i dtuarascáil na Parlaiminte maidir leis an Straitéis don Mhargadh Aonair(2), Dearbhú na Bratasláive maidir leis an nGeilleagar Sóisialta, arna shíniú ag 10 mBallstát, agus sa tuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe ón gCoimisiún maidir le Fiontraíocht Shóisialta (GECES), iarradh ar an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta Eorpach don gheilleagar sóisialta a fhorbairt. I mí na Bealtaine 2017, ghlac naoi mBallstát Dearbhú Mhaidrid maidir leis an nGeilleagar Sóisialta, ar dearbhú é a iarrann ar an gCoimisiún Plean Gníomhaíochta Eorpach le haghaidh 2018-2020 a áireamh ina phlean oibre do 2018, plean lena ngabhann maoiniú leormhaith agus a dhéanfaidh fiontair an gheilleagair shóisialta san Eoraip a chur chun cinn agus nuálaíocht shóisialta a spreagadh. Sa tuairim a thug sé uaidh maidir le Tionscnamh na bhFiontar Nuathiomanta agus na bhFiontar atá i mbun Fáis(3), iarrann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ar an gCoimisiún na tionscnaimh reatha agus nua a thabhairt le chéile chun tacú le fiontair an gheilleagair shóisialta trí theachtaireacht a eisiúint lena ngabhann Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta.
– Cén obair leantach atá á déanamh ag an gCoimisiún maidir leis na hiarratais sin ón bParlaimint, ón gComhairle agus ó roinnt Ballstát chun fiontair an gheilleagair shóisialta a spreagadh?
– I gcomhréir leis na hiarratais sin, an bhfuil an Coimisiún ag beartú Plean Gníomhaíochta Eorpach a fhorbairt don gheilleagar sóisialta?