Ceist pharlaiminteach - O-000074/2017Ceist pharlaiminteach
O-000074/2017

Trasnaíl mhór - Iarrachtaí comhordaithe ar leibhéal AE chun cuimsiú vacsaínithe a mhéadú.

15.9.2017

Trasnáil mhór i gcomhair freagra i scríbhinn maille le díospóireacht O-000074/2017
ar an gCoimisiún
Riail 130b de na Rialacha Nós Imeachta
Piernicola Pedicini, Laura Agea, Rosa D'Amato, Tiziana Beghin, Marco Valli, Marco Zullo, Fabio Massimo Castaldo, Ignazio Corrao, Laura Ferrara, Eleonora Evi, Isabella Adinolfi, Joëlle Bergeron, thar ceann an Ghrúpa EFDD

Nós Imeachta : 2017/2867(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000074/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000074/2017 (B8-0603/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Coinníonn na Ballstáit ceannasacht ar a bhféilire vacsaínithe dá saoránaigh. Le déanaí, tá vacsaíniú éigeantach tugtha isteach le haghaidh leanaí nuabheirthe i gcás sé vacsaín sa bhreis ar na ceithre vacsaín a bhí éigeantach cheana féin. Deich vacsaín san iomlán atá ann mar thoradh air sin.

Maidir leis an gcuspóir dlisteanach na rátaí imdhíonachta is airde is féidir a ghnóthú, féadfar é sin a bhaint amach trí bheartais nach bhfuil chomh dian céanna, agus is fearr le formhór na mBallstát ‘beartais um moladh’ a ghlacadh nó cumasc de bheartais éigeantacha/um moladh.

I staidéar a rinneadh in 2016, taispeántar nach n-éiríonn i gcoitinne le tíortha ina bhfuil vacsaíniú éigeantach le cuimsiú níos fearr a bhaint amach ná tíortha inchomparáide nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil i bhfeidhm iontu[1].

Dúirt comhalta seanbhunaithe den Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur dócha go mbainfear amach torthaí cosúil le torthaí bheartais an vacsaínithe éigeantaigh trí acmhainní a infheistiú i gcláir eagrúcháin agus chumarsáide níos fearr[2].

– Ós rud nach bhfacthas a leithéid d’oibleagáid riamh go dtí an reachtaíocht nua seo chun deich vacsaíniú a chur i gcrích le haghaidh leanaí atá idir 0-3, an féidir é sin a mheas mar chúis chun prionsabal an réamhchúraim a agairt?

– An féidir leis an gCoimisiún fianaise a bhailiú maidir leis an mbearna éifeachtachta idir na beartais vacsaínithe éigeantacha agus neamhéigeantacha i leith rátaí um imdhíonadh?

– Conas is féidir le AE gníomhaíochtaí a chomhordú chun feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeartas vacsaínithe agus na rátaí um imdhíonadh a mhéadú?