Nós Imeachta : 2017/3031(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : O-000086/2017

Téacsanna arna gcur síos :

O-000086/2017 (B8-0615/2017)

Díospóireachtaí :

PV 05/02/2018 - 14
PV 08/02/2018 - 17
CRE 08/02/2018 - 17

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :


Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 6kWORD 17k
20 Samhain 2017
O-000086/2017
Trasnáil mhór i gcomhair freagra i scríbhinn maille le díospóireacht O-000086/2017
ar an gCoimisiún
Rule 130b
Rosa D'Amato, Dario Tamburrano, thar ceann an Ghrúpa EFDD

 Ábhar: Trasnáil mhór - An Phíblíne Thras-Aidriadach san Iodáil
 Freagra sa suí iomlánach 

Tugadh stádas mar Thionscadal Leasa Choitinn agus mar Thionscadal chun Leas an Chomhphobail Fuinnimh don Phíblíne Thras-Aidriadach (TAP), ach is díobháil é a déanamh don chomhshaol agus don gheilleagar agus is sárú é ar chearta daoine áitiúla. Cúis mhór imní atá sa chinneadh a rinne AE neamhaird a thabhairt ar thionchar an tionscadail, go háirithe nuair a chuimhnítear go bhfuil saoránaigh agus údaráis áitiúla tar éis cur ina choinne. Is olc linn go mór míleatú San Foca agus tá an-díoma orainn gur choisc na póilíní agóidí síochánta. Cáinimid an cinneadh a rinne Aire Comhshaoil na hIodáile, Gian Luca Galletti, an tionscadal a fhaomhadh i gcoinne thoil na saoránach, mar aon le freagairt Rialtas na hIodáile ar na hagóidí síochánta.

1. An eol don Choimisiún gurb é a bheidh mar thoradh ar an éiceachóras íogair amach ó chósta San Foca a athrú ná go ndéanfaidh TAP speicis atá cosanta faoi líonra Natura 2000 a chur i mbaol?

2. An bhfuil sé beartaithe aige measúnú tionchair a dhéanamh ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta an tionscadail?

3. Shínigh Gazprom, an chuideachta gáis Rúiseach, agus Eni, an chuideachta ola agus gáis Iodálach, socrú a réitíonn an bealach do Gazprom rochtain a bheith aige ar TAP. Conas is féidir leis an gCoimisiún a rá go ndéanfaidh an tionscadal soláthar gáis AE a éagsúlú agus spleáchas ar ghás Rúiseach a laghdú?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais