Ceist pharlaiminteach - O-000094/2017Ceist pharlaiminteach
O-000094/2017

An comhrac i gcoinne gáinneáil ar mhná agus ar chailíní chun críocha teacht i dtír gnéasach agus dúshaothrú saothair in AE

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000094/2017
ar an gCoimisiún
Rule 128
Agnieszka Kozłowska-Rajewicz, Anna Maria Corazza Bildt, Esteban González Pons, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Barbara Matera, Angelika Niebler, Marijana Petir, Michaela Šojdrová, Dubravka Šuica, Lívia Járóka, Rosa Estaràs Ferragut, Sirpa Pietikäinen, Alessandra Mussolini, Daniel Caspary, Andrzej Grzyb, Jarosław Wałęsa, Anna Záborská, thar ceann an Ghrúpa PPE
Iratxe García Pérez, Maria Arena, Viorica Dăncilă, Vilija Blinkevičiūtė, Anna Hedh, Maria Noichl, Pina Picierno, Biljana Borzan, Edouard Martin, Clare Moody, Marc Tarabella, Julie Ward, Josef Weidenholzer, Hugues Bayet, Monika Beňová, Sylvie Guillaume, Cécile Kashetu Kyenge, Miltiadis Kyrkos, Luigi Morgano, Soraya Post, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, Catherine Stihler, Elena Valenciano, Elly Schlein, thar ceann an Ghrúpa S&D
Arne Gericke, thar ceann an Ghrúpa ECR
Angelika Mlinar, Catherine Bearder, Beatriz Becerra Basterrechea, Izaskun Bilbao Barandica, Nathalie Griesbeck, Hilde Vautmans, Ivo Vajgl, Frédérique Ries, Norica Nicolai, thar ceann an Ghrúpa ALDE
Terry Reintke, Ernest Urtasun, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
Malin Björk, João Pimenta Lopes, Ángela Vallina, Kostadinka Kuneva, Eleonora Forenza, Marina Albiol Guzmán, Kostas Chrysogonos, Javier Couso Permuy, Josu Juaristi Abaunz, Paloma López Bermejo, Marisa Matias, Helmut Scholz, Maria Lidia Senra Rodríguez, Marie-Christine Vergiat, Marie-Pierre Vieu, Lola Sánchez Caldentey, Tania González Peñas, Miguel Urbán Crespo, Estefanía Torres Martínez, Xabier Benito Ziluaga, Sofia Sakorafa, Takis Hadjigeorgiou, Merja Kyllönen, Neoklis Sylikiotis, thar ceann an Ghrúpa GUE/NGL
Daniela Aiuto, thar ceann an Ghrúpa EFDD

Nós Imeachta : 2017/3008(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000094/2017
Téacsanna arna gcur síos :
O-000094/2017 (B8-0616/2017)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

I dTuarascáil 2016 an Choimisiúin maidir leis an dul chun cinn a rinneadh sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar dhaoine aonair (THB), fuair an Coimisiún gur mhná iad 76% de na híospartaigh cláraithe agus gur leanaí iad 15% ar a laghad de na híospartaigh. Ba shaoránaigh AE iad formhór na n-íospartach cláraithe agus ba as an Rómáin, as an mBulgáir, as an Ísiltír, as an Ungáir agus as an bPolainn iad 65% díobh. Is í an gháinneáil chun críocha teacht i dtír gnéasach an cineál teacht i dtír is coitianta (67% de na híospartaigh chláraithe), agus ina dhiaidh sin tagann an dúshaothrú saothair (21%).

Tá tuairiscithe ag roinnt Ballstát go bhfuil méadú ag teacht ar an ngáinneáil ar dhaoine chun críocha dúshaothrú saothair (21% de líon iomlán na n-íospartach cláraithe). Sa tuarascáil, sainaithnítear an talmhaíocht mar cheann de na hearnálacha ardriosca mar a léirigh na cásanna a tuairiscíodh le déanaí ina raibh mná Rómánacha thíos leis an ngáinneáil san Iodáil. Ba iad an Albáin, an tSín, Maracó, an Nigéir agus Vítneam na cúig thír is mó nach tíortha AE iad ina raibh íospartaigh chláraithe. Thuairiscigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) agus UNICEF go raibh méadú as cuimse ar líon na mban agus na gcailíní ón Nigéir ar tháinig an gháinneáil salach orthu, agus ba leanaí gan tionlacan iad 50% díobh sin; agus rinneadh gáinneáil chun críocha teacht i dtír gnéasach ar 80% de na mná.

Le Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus leis na híospartaigh sin a chosaint, ghlac AE bearta maidir le cosc, le cosaint agus le tacaíocht a thabhairt do na híospartaigh, agus le gáinneálaithe a ionchúiseamh, chomh maith le haonaid um fhorfheidhmiú an dlí atá speisialaithe sa gháinneáil ar dhaoine a bhunú agus foirne uile-Eorpacha um imscrúdú a chruthú chun ionchúiseamh a dhéanamh i gcásanna trasteorann a bhaineann leis an ngáinneáil. Ní mór do Bhallstáit Treoir 2012/29/AE maidir le cearta íospartach agus Treoir 2014/36/AE maidir le hoibrithe séasúracha a chomhlíonadh chomh maith. Thairis sin, déanann Airteagal 5 de Chairt AE um Chearta Bunúsacha toirmeasc a chur ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éignithe, agus sonraítear in Airteagal 31 go bhfuil an ceart ag gach oibrí chun dálaí oibre ‘cothroma agus córa’ a bheith acu.

Maidir leis an teacht i dtír gnéasach agus an dúshaothrú saothair tromchúiseach sna hearnálacha éagsúla lena mbaineann a tuairiscíodh, cad é an measúnú ón gCoimisiún maidir le comhlíonadh na mBallstát leis na Treoracha thuasluaite, agus maidir lena n-oibleagáid maidir le dícheall cuí chun oibrithe a chosaint, chun cigireachtaí a dhéanamh d’fhonn cásanna um dhúshaothrú saothair a shainaithint, chun íospartaigh a chosaint, chun sásraí sásaimh a bhunú agus chun a áirithiú go dtabharfar na daoine a rinne na coireanna sin os comhair na cúirte? Cén ghníomhaíocht atá á glacadh ag an gCoimisiún i gcoinne na mBallstát nach bhfuil ag cloí leis na Treoracha?

Cad iad na bearta sonracha atá á nglacadh ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar ghné na hinscne a ghabhann leis an ngáinneáil, leis an drochúsáid ghnéasach agus le dúshaothrú saothair? I bhfianaise líon na gcásanna a tuairiscíodh agus na réimsí sonracha atá i gceist, cad iad na hacmhainní a leithdháileadh ar ghné na hinscne d’fhonn dul i ngleic leis an bhfadhb go héifeachtach?

Cad iad na hiarrachtaí imscrúdaitheacha a rinneadh chun díriú ar na tíortha sin is mó ina bhfuil teacht i dtír gnéasach agus dúshaothrú saothair an-choitianta?

I ndáil le dualgas na mBallstát sonraí a thuairisciú, an mbailíonn an Coimisiún sonraí sonracha imdhealaithe maidir le híospartaigh ban de theacht i dtír gnéasach agus de dhúshaothrú saothair in AE? Cathain a dhéanfaidh an Coimisiún a straitéis iar-2016 a thíolacadh?