Nós Imeachta : 2017/3019(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : O-000099/2017

Téacsanna arna gcur síos :

O-000099/2017 (B8-0002/2018)

Díospóireachtaí :

PV 07/02/2018 - 14
CRE 07/02/2018 - 14

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :


Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 7kWORD 18k
14 Nollaig 2017
O-000099/2017
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000099/2017
chuig an gComhairle
Rule 128
Danuta Maria Hübner, , thar ceann An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

 Ábhar: Athchóiriú ar dhlí toghcháin AE
 Freagra sa suí iomlánach 

An 11 Samhain 2015, ghlac an Pharlaimint i suí iomlánach a togra maidir le forálacha a leasaigh an Gníomh a bhaineann le feisirí Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, a cuireadh ar aghaidh chuig an gComhairle le haghaidh pléití agus cinneadh faoi Airteagal 223(1) CFAE. Mhol an Pharlaimint roinnt bearta, agus é mar aidhm acu gné Eorpach na dtoghchán a neartú agus comhionannas toghchánach níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais.

Ón uair a glacadh an rún ón bParlaimint, tá obair déanta ag cúig uachtaránacht na Comhairle (Lucsamburg, an Ísiltír, an tSlóvaic, Málta agus anois an Eastóin) ar an togra ón bParlaimint ach níl aon toradh foirmiúil nó neamhfhoirmiúil ar phléití na Comhairle curtha ar fáil don Pharlaimint ag aon cheann acu.

De réir Airteagal 223(1) CFAE, ní mór don Pharlaimint a toiliú a thabhairt maidir le cinneadh na Comhairle agus is gá do na Ballstáit é a dhaingiú sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Chun a áirithiú go mbeadh an t-athchóiriú seo infheidhme maidir leis na toghcháin Eorpacha in 2019, ní mór don chomhad a bheith curtha i gcrích faoi earrach na bliana 2018 (toisc go gcaithfidh modhnuithe ar an dlí toghcháin teacht i bhfeidhm 12 mhí roimh na toghcháin i gcuid de na Ballstáit). Mura ndéanfar athchóiriú ar an nGníomh Toghcháin, beidh na chéad toghcháin Eorpacha eile déanta faoi rialacha 1976 lena n-easnaimh agus a n-easpaí go léir, agus beidh an deis chun feabhas a chur ar líon na vótálaithe agus a rannpháirtíocht i dtoghcháin 2019 curtha amú.

Is ceist é seo freisin de chomhar idirinstitiúideach ionraic leis an bParlaimint mar ionadaí díreach do shaoránaigh na hEorpa, a bhain úsáid as a ceart maidir le tionscnamh reachtach do dhlí toghcháin na hEorpa faoi Airteagal 223(1) CFAE.

An féidir leis an gComhairle an Pharlaimint a chur ar an eolas, le do thoil, mar chomhreachtóir, maidir leis an amscála a bhfuil sé ar intinn aici cloí leis chun togra na Parlaiminte a chur i gcrích, agus cúiseanna na moilleanna a mhíniú maidir le feabhas a chur ar na rialacha a bhaineann le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh ar an dóigh ar mhol an Pharlaimint in 2015?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais