Ceist pharlaiminteach - O-000003/2018Ceist pharlaiminteach
O-000003/2018

Neamhfhulaingt ar chiorrú ball giniúna ban (FGM)

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000003/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Vilija Blinkevičiūtė, thar ceann An Coiste um Cearta na mBan agus Comhionannas Inscne

Nós Imeachta : 2017/2936(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000003/2018
Téacsanna arna gcur síos :
O-000003/2018 (B8-0005/2018)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tá an tAontas Eorpach tiomanta d’oibriú i gcomhar a chéile chun ciorrú ball giniúna ban (FGM) a dhíothú mar chuid dá iarrachtaí níos leithne chun gach cineál foréigin in aghaidh ban agus cailíní a chomhrac, agus chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát sa réimse seo.

De réir EDS, tá ar 140 milliún bean agus cailín ar fud an domhain déileáil le cúinsí dochracha FGM i láthair na huaire. Ina theannta sin, tá tugtha le fios ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) go bhfuil íospartaigh in 13 Bhallstát ar a laghad.

Molann geallsealbhóirí a oibríonn chun an cleachtas seo a dhíothú gur gá an comhar trasearnálach a threisiú agus saincheist FGM a phríomhshruthú i ngach earnáil: sláinte, obair shóisialta, tearmann, oideachas, forfheidhmiú an dlí, ceartas, cosaint leanaí, agus meáin agus cumarsáid, toisc go dtéann FGM nó bheith i mbaol FGM i bhfeidhm ar chailíní agus ar mhná ar an iliomad bealaí. Is gá do na hearnálacha uile sin a bheith ullamh chun cosaint iomchuí agus seirbhísí a thairiscint d’íospartaigh nó d’íospartaigh ionchasacha.

I mí Feabhra 2015, thug an Coimisiún an t-eolas is déanaí don Pharlaimint maidir leis an ngníomhaíocht a rinne sé chun FGM a dhíothú, faoina straitéis ‘I dtreo ciorrú ball giniúna ban a dhíothú’. Inniu agus Lá Idirnáisiúnta in aghaidh FGM á chomóradh againn, ba mhaith linn iarraidh ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt dúinn ar an dul chun cinn agus ar na gníomhartha atá déanta aige ó shin i leith.

Cad atá déanta ag an gCoimisiún chun príomhshruthú a dhéanamh ar chosc FGM i ngach creat beartais agus reachtach ábhartha dá Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla chun a áirithiú go bhfuiltear ag dul i ngleic leis an tsaincheist laistigh de na hearnálacha thuas?

Conas a dhéantar obair leantach ar na beartais chomhtháite agus céard iad na sásraí comhair a chuirtear ar bun?

Thairis sin, conas a dhéanfaidh an Coimisiún comhtháthú ar a chuid iarrachtaí agus ar a chomhordú ar iarrachtaí na mBallstát chun dul i ngleic le FGM i gcreat níos leithne chur in éadan an fhoréigin inscne faoi Choinbhinsiún Iostanbúl?

Conas a thabharfar aghaidh ar FGM mar chuid de Thionscnamh Spotsolais nuasheolta AE-NA um fhoréigean in aghaidh ban agus cailíní a dhíothú?

An nuashonrú is déanaí: 30 Eanáir 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais