Ionsaí na Stát Aontaithe ar thacaíocht feirme AE faoin gComhbheartas Talmhaíochta (i gcomhthéacs ológa na Spáinne)
30.1.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000006/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Czesław Adam Siekierski
thar ceann An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
Bernd Lange
thar ceann An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
An 13 Iúil 2017, cuireadh tús leis na himscrúduithe atá ar siúl i dtaobh frithdhumpáil (AD) agus dleacht frithchúitimh (CVD) maidir le hológa aibí ón Spáinn tar éis gur thángthas ar an tátal gur fhág na fóirdheontais a bhí á bhfáil ag tionscal na n-ológ in AE go bhféadfaí táirgí olóige a allmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe ar phraghas a bhí níos ísle ná praghas an mhargaidh.
Á chur san áireamh nach bhfuil ach tionchar an-teoranta ag an méadú in onnmhairí ón Spáinn ar chás an dá tháirgeoir ológ sna Stáit Aontaithe, is í an ghné is mó imní faoin gcás seo ná go bhfuil imscrúdú CVD ag spriocdhíriú ar bhearta tacaíochta áirithe faoin gcomhbheartas talmhaíochta cé go gcáilíonn na bearta sin go hiomlán do na critéir le haghaidh íocaíochtaí bosca ghlais de réir na hEagraíochta Trádála Domhanda. Is iad na bearta a bhfuil imscrúdú CVD ag spriocdhíriú orthu ná bearta amhail Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, Cúnamh d’Fheirmeoirí Óga, etc. atá nasctha leis an táirgeadh, nach ndéanann saobhadh ar na leibhéil praghsanna ar na margaí talmhaíochta ar leith agus nach ndéanann saobhadh ar an trádáil idirnáisiúnta.
An 19 Eanáir 2018, rinne an Roinn Tráchtála dleacht chustaim frithchúitimh neamhréasúnaithe de níos mó ná 17% a fhorchur ar ológa ón Spáinn.
Cad atá déanta cheana féin ag an gCoimisiún chun dul i ngleic leis an ábhar seo?
Cén chaoi a bhfuil an Coimisiún ag tacú leis na gnólachtaí lena mbaineann sa Spáinn agus cad atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh chun gníomhú i gcoinne na bagartha seo ar an gcomhbheartas talmhaíochta?
An bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar an bhféidearthacht atá ann na Stáit Aontaithe a agóid ina thaobh seo san Eagraíocht Dhomhanda Trádála?
Curtha síos: 30.1.2018
Curtha ar aghaidh: 1.2.2018
Spriocam le haghaidh freagra: 8.2.2018