Ceist pharlaiminteach - O-000010/2018Ceist pharlaiminteach
O-000010/2018

  Aitheantas do thréimhsí staidéir scoile thar lear

31.1.2018

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000010/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Emilian Pavel, Brando Benifei, Monika Beňová, Michał Boni, Fabio Massimo Castaldo, Dita Charanzová, Nessa Childers, Andrea Cozzolino, Martina Dlabajová, Damian Drăghici, Santiago Fisas Ayxelà, Francesc Gambús, Eider Gardiazabal Rubial, María Teresa Giménez Barbat, Tania González Peñas, Maria Grapini, Sergio Gutiérrez Prieto, Agnes Jongerius, Manolis Kefalogiannis, Barbara Kudrycka, Ilhan Kyuchyuk, Alain Lamassoure, Krystyna Łybacka, Svetoslav Hristov Malinov, Lukas Mandl, Eva Maydell, Miroslav Mikolášik, Luke Ming Flanagan, Marlene Mizzi, Cláudia Monteiro de Aguiar, Alessia Maria Mosca, Siegfried Mureşan, Javier Nart, Momchil Nekov, Norica Nicolai, Rory Palmer, Aldo Patriciello, Pina Picierno, Sirpa Pietikäinen, Marek Plura, Miroslav Poche, Terry Reintke, Liliana Rodrigues, Alfred Sant, Olga Sehnalová, Michaela Šojdrová, Claudiu Ciprian Tănăsescu, Claudia Țapardel, Romana Tomc, Tonino Picula, István Ujhelyi, Julie Ward, Iuliu Winkler, Tomáš Zdechovský, Damiano Zoffoli, Milan Zver

Bíonn daltaí ag gluaiseacht laistigh den Aontas Eorpach, rud atá ina léiriú ar chúinsí teaghlaigh nó ar rannpháirtíocht i gcláir malartaithe éagsúla. Is cabhair do dhaoine óga an tsoghluaisteacht foghlama ag aois scoile chun bunscileanna saoil agus inniúlachtaí trasnaí a shealbhú, rud a chuireann lena bhforbairt phearsanta, lena n-infhostaitheacht agus lena saoránacht Eorpach ghníomhach. Luaitear in Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go ndíreofar gníomhaíocht an Aontais ar an méid seo a leanas: ‘taobhú le soghluaisteacht mhac léinn agus múinteoirí, lena n-áirítear aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir’.

Dá ainneoin sin, ní aithníonn roinnt mhaith Ballstát tréimhsí scoile thar lear, go háirithe mura mbaintear amach ag a ndeireadh dioplómaí scoile atá ar aon dul lena bhfuil sa Chreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF). Gan timpeallacht chumasúcháin bheartais a bheith ann, tá constaic mhór roimh shoghluaisteacht na ndaltaí (agus roimh shoghluaisteacht teaghlaigh a bhfuil leanaí acu atá in aois scoile), a mbíonn orthu, ar fhilleadh dóibh ar a dtíortha dúchais, bliain nó dhó eile a chaitheamh ar scoil.

Cé gur díol sásaimh dúinn an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dhioplómaí ardoideachais agus fágála scoile/tréimhsí staidéir thar lear, mar a áirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “An fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr” (14 Samhain 2017), ba mhaith linn na ceisteanna seo a leanas a tharraingt anuas:

  Cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ar áireamh sa mholadh ón gComhairle daltaí nár bhain cáilíocht ná dioplóma amach agus iad ag staidéar thar lear?

  Cén córas aitheantais, nó cé na córais aitheantais, le haghaidh tréimhsí staidéir scoile thar lear atáthar a mheas?

  An bhfuil bara faoin gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an dea-shampla atá san Iodáil agus san Ostair, mar a dtugtar aitheantas, gan an gá le scrúdú breise ná aistriú creidmheasanna, do thréimhsí staidéir nach faide ná 12 mhí?

Curtha síos: 31.1.2018

Curtha ar aghaidh: 2.2.2018

Spriocam le haghaidh freagra: 9.2.2018

An nuashonrú is déanaí: 5 Feabhra 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais