Ceist pharlaiminteach - O-000011/2018Ceist pharlaiminteach
O-000011/2018

  Caomhnóireacht do dhaoine faoi mhíchumas intleachta

31.1.2018

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000011/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Maria Grapini, Olga Sehnalová, Lambert van Nistelrooij, José Inácio Faria, Dieter-Lebrecht Koch, Romana Tomc, Sirpa Pietikäinen, Salvatore Domenico Pogliese, Rosa Estaràs Ferragut, Julia Pitera, Barbara Kudrycka, Michał Boni, Heinz K. Becker, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Csaba Sógor, Emil Radev, Marek Plura, Biljana Borzan, Soledad Cabezón Ruiz, Monika Smolková, Janusz Zemke, Karoline Graswander-Hainz, Dietmar Köster, Brando Benifei, Wajid Khan, Michela Giuffrida, Miltiadis Kyrkos, István Ujhelyi, Costas Mavrides, Catherine Stihler, Nicola Danti, Isabella De Monte, Doru-Claudian Frunzulică, Jean-Paul Denanot, Dan Nica, Ioan Mircea Paşcu, Andi Cristea, Emilian Pavel, Julie Ward, Marc Tarabella, Helga Stevens, Jana Žitňanská, Ivo Vajgl, Norica Nicolai, António Marinho e Pinto, Igor Šoltes, Merja Kyllönen, Georgios Epitideios, Zoltán Balczó

Tá tuairim is 80 milliún duine faoi mhíchumas ina gcónaí san Aontas Eorpach. Rinneadh a n-acmhainneacht dhlíthiúil a bhaint go páirteach nó go hiomlán de go leor de na daoine sin, go háirithe daoine faoi mhíchumas intleachta nó síceasóisialta, agus mar thoradh air sin séantar orthu an ceart chun cónaí go neamhspléach agus chun cinntí a dhéanamh faoina saol féin. Ní féidir le saoránaigh Eorpacha atá sa staid seo a roghnú cén áit ina dteastaíonn uathu cónaí nó cé leis nó léi a mbeidh cónaí orthu, ní féidir leo vóta a chaitheamh ná seasamh i dtoghchán (lena n-áirítear toghcháin Eorpacha), ní féidir leo pósadh ná conarthaí fostaíochta a shíniú. I gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRDP), atá daingnithe ag an Aontas Eorpach agus ag nach mór na Ballstáit uile, cuirtear cur chuige chun cinn bunaithe ar chearta an duine agus aithnítear ann gur sealbhóirí ceart iad gach uile dhuine faoi mhíchumas agus gur cheart a n-acmhainneacht dhlíthiúil a bheith acu ar bhonn comhionann le daoine eile. Tá impleachtaí móra ag an gcur chuige seo i leith míchumais don reachtaíocht maidir le hacmhainneacht dhlíthiúil agus gá ann athrú ón gcumhacht dhlíthiúil a thabhairt do dhaoine eile chun cinntí a dhéanamh ar son daoine faoi mhíchumas (eadhon cinnteoireacht ionadaíoch) go tacaíocht a thabhairt do dhaoine a gcinntí féin a dhéanamh (eadhon cinnteoireacht faoi thacaíocht). In ainneoin go bhfuil nach mór gach tír AE tar éis CRPD a dhaingniú, le reachtaíocht i ngach Ballstát déantar dlisteanú ar acmhainneacht dhlíthiúil a shéanadh bunaithe ar mhíchumas, rud atá idirdhealaitheach. Mar sin féin, is ann do mhúnlaí i dtaca le cinnteoireacht faoi thacaíocht agus ba cheart iad a fhorbairt tuilleadh chun tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil a chumhachtódh gach duine chun roghanna a dhéanamh agus a gcearta iomlána a bheith acu mar a bheadh ag aon saoránach Eorpach. Rinne Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas athbhreithniú in 2015 ar iarrachtaí an Aontais sa réimse seo. Dar leis an Tuarascáil ón gCoimisiún ar Dhul Chun Cinn maidir leis an Straitéis Eorpach um Míchumas, áfach, ní mór an dul chun cinn atá bainte amach maidir le saincheisteanna faoi acmhainneacht dhlíthiúil agus cearta AE.

Conas is féidir feabhas a chur ar ról na n-institiúidí AE, laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí sa réimse seo, chun bheith níos gníomhaí i spreagadh na mBallstát chun a reachtaíocht maidir le hacmhainneacht dhlíthiúil a athrú? Céard iad na bearta a dhéanfaidh an tAontas Eorpach chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine a bhfuil a n-acmhainneacht dhlíthiúil bainte díobh a gcearta a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais a mhéid is féidir, lena n-áirítear an ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa atá ar na bacáin?

Curtha síos: 31.1.2018

Curtha ar aghaidh: 2.2.2018

Spriocam le haghaidh freagra: 9.2.2018

An nuashonrú is déanaí: 5 Feabhra 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais