Cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Mianraí Coinbhleachta
21.2.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000017/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Bernd Lange, thar ceann An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Glacadh an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta (Rialachán (AE) 2017/821) bliain ó shin. Beidh feidhm ag a cheanglais díchill chuí d'allmhaireoirí stáin, tantalaim, tungstain agus óir de chuid an Aontais ón 1 Eanáir 2021, ach beidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar chuideachtaí ullmhú tamall maith roimh ré chun a áirithiú go ndéanfar an rialachán a chur chun feidhme go ceart agus go héifeachtach. Tá sé d’inniúlacht ag Parlaimint na hEorpa faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme agus ní mór an Pharlaimint a choinneáil go hiomlán ar an eolas faoin nós imeachta. Sa chomhthéacs sin:
1. Cad í an staid mar atá maidir le hullmhú agus cur chun feidhme na gcéimeanna cur chun feidhme éagsula a luaitear go sonrach sa rialachán, go háirithe i ndáil leis an ngníomh tarmligthe agus an gá chun a áirithiú go mbeidh aitheantas an Choimisiúin do scéimeanna díchill chuí sa slabhra soláthair fós faoi raon feidhme na Treorach um Dhícheall Cuí de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus, ar an tslí sin, faoi raon feidhme an rialacháin?
2. Cad iad na forbairtí ábhartha a bhaineann leis na bearta tionlacain, go háirithe na forbairtí siúd atá dírithe ar fheabhas a chur ar chumas oibreoirí AE, agus béim á leagan ar FBManna, chun na treoracha díchill chuí a leagtar síos sa Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta a chomhlíonadh? Conas a dhéanfaidh bearta iartheachtacha an Choimisiúin, go háirithe an bunachar sonraí trédhearcachta, caighdeáin na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a bhfuil gealltanas tugtha ag AE ina leith, a chur chun cinn agus a fheabhsú?
3. Cad iad na bearta atá déanta ag an gCoimisiún chun a áirithiú gurb ionann an cur chuige a gcloífidh cuideachtaí agus comhpháirtithe trádála móra AE leis ina gcuid beartas agus an cur chuige a gcloífidh AE leis maidir le hoibleagáidí díchill chuí, agus aitheantas á thabhairt do dhícheall cuí mar uirlis chun foinsiú freagrach ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus ó limistéir ardriosca a chur chun cinn, chun deireadh a chur leis an ngá chun scor de na limistéir sin agus chun slabhraí soláthair atá saor ó riosca a bhunú?