Ceist pharlaiminteach - O-000027/2018Ceist pharlaiminteach
O-000027/2018

Raon feidhme Chaibidil I de Rialachán IIa na Bruiséile a leathnú chun páirtnéireachtaí cláraithe a chur ar áireamh (athmhúnlú)

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000027/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Lidia Joanna Geringer de Oedenberg, , thar ceann An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

Nós Imeachta : 2018/2551(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000027/2018
Téacsanna arna gcur síos :
O-000027/2018 (B8-0023/2018)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tá Rialachán IIa na Bruiséile ina bhunchloch de chomhar breithiúnach i gcúrsaí teaghlaigh san Aontas Eorpach. Cé go bhfuil rialacha aonfhoirmeacha ar fáil sa Rialachán ar dhlínse maidir le colscaradh, idirscaradh agus neamhniú pósta, agus chomh maith leis sin maidir le díospóirí faoi fhreagracht tuismitheora i gcásanna trasteorann, ní luaitear idirscaradh ná neamhniú i dtaca le páirtnéireachtaí cláraithe, in ainneoin go gceadaíonn 19 mBallstát do lánúineacha dul i bpáirtnéireachtaí mar sin. Thairis sin, ceadaítear uchtáil (uchtáil chomhpháirteach, uchtáil ag an dara tuismitheoir, nó iad araon) i roinnt de na Ballstáit i gcás páirtnéir cláraithe.

Sa dréacht-togra le haghaidh rialachán nua (2016/0190 (CNS) (athmhúnlú)), roghnaigh an Coimisiún arís gan raon feidhme Rialachán IIa na Bruiséile a leathnú chun páirtnéireachtaí cláraithe a chur ar áireamh. Mar go ndéantar pósadh a shainmhíniú go minic i dtéarmaí lánúineacha den inscne chontrártha agus sna téarmaí sin amháin, lena n-áirítear sna Ballstáit ina n-aithnítear na páirtnéireachtaí sin, fágtar páirtnéireachtaí cláraithe i mbaol éiginnteacht dhlíthiúil i gcásanna trasteorann, go háirithe cásanna a bhfuil baint acu le leanaí. Agus tagairt á déanamh do na pointí thuasluaithe agus toisc nach féidir le Feisirí leasuithe a chur síos taobh amuigh de raon feidhme athmhúnlaithe, ba mhaith linn freagraí a fháil ar na ceisteanna seo a leanas:

– Cén fáth a ndearna an Coimisiún páirtnéireachtaí cláraithe a eisiamh ón raon feidhme den dréacht de Rialachán IIa na Bruiséile, agus chomh maith leis sin i gcásanna ina aithnítear an fhoirm dhlíthiúil sin i mBallstát na cúirte inniúla?

– Cén uair atá sé beartaithe ag an gCoimisiún an raon feidhme a leathnú chun páirtnéireachtaí cláraithe a chur ar áireamh, chun rochtain na saoránach ar an gceartas san Aontas a mhéadú agus cur chun feidhme Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha a éascú, lena ráthaítear an ceart chun leigheas éifeachtach agus cóir chomhionann idir daoine?

An nuashonrú is déanaí: 6 Márta 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais