Ceist pharlaiminteach - O-000042/2018Ceist pharlaiminteach
O-000042/2018

Trasnáil mhór - Lá Idirnáisiúnta an Teaghlaigh (15 Bealtaine) a Choimeád

Trasnáil mhór i gcomhair freagra i scríbhinn maille le díospóireacht O-000042/2018
ar an gCoimisiún
Rule 130b
Jörg Meuthen, thar ceann an Ghrúpa EFDD

Nós Imeachta : 2018/2722(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000042/2018
Téacsanna arna gcur síos :
O-000042/2018 (B8-0021/2018)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Lena rún A/RES/47/237, d’fhógair Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe gurbh é an 15 Bealtaine Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe don Teaghlach (LIT). Léiríonn Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe don Teaghlach an luach a chuireann an pobal idirnáisiúnta ar an teaghlach. Le coimeád bliantúil 2018 LIT, breathnófar ar ról an teaghlaigh maidir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16 a chur chun cinn i dtéarmaí ‘sochaithe suaimhneacha agus cuimsitheacha chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn’. Tá siombail oifigiúil ag LIT is féidir a úsáid ar bhratach.

1. Cén seasamh a ghlacfaidh an Coimisiún maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhaineann le saincheisteanna teaghlaigh agus cad iad na gníomhaíochtaí atá á n-ullmhú ag an gCoimisiún don choimeád i mbliana?

2. Cé hiad comhpháirtithe ENR an Choimisiúin a bhfuil baint acu le beartais an Choimisiúin maidir le saincheisteanna teaghlaigh a dhearadh, a chinneadh, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme?

3. Ciorcal atá uaine as a chéile lena ngabhann íomhá i ndearg is ea siombal oifigiúil NA de LIT. Tá an íomhá comhdhéanta de ghnéithe de líníochtaí simplí de chroí agus de theach. Léiríonn sé seo gurb é an teaghlach lár na sochaí agus go gcuirtear baile seasmhach agus tacúil ar fáil do dhaoine de gach aois a bhuí leis. An gcuirfidh an Coimisiún bratach oifigiúil LIT na Náisiún Aontaithe ar foluain ag gach áitreamh an Choimisiúin an 15 Bealtaine?

An nuashonrú is déanaí: 7 Bealtaine 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais