Caibidlíochtaí i gcomhair Comhaontú Comhpháirtíochta nua le Grúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin
2.5.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000043/2018
chuig an gComhairle
Rule 128
Linda McAvan, thar ceann An Coiste um Fhorbairt
Ar an 12 Nollaig 2017, ghlac an Coimisiún moladh maidir le cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíochtaí i gcomhair Comhaontú Comhpháirtíochta idir AE agus Grúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin. Cuireann na caibidlíochtaí an deis ar fáil chun an chomhpháirtíocht idir AE agus Grúpa Stát ACC a nuachóiriú, ar comhpháirtíocht í ba cheart fós a bheith ceangailteach ó thaobh dlí agus a bheith luachbhunaithe. Tá roinne ceisteanna á dtarraingt anuas sna moltaí:
– Conas a dhéanfaidh sainordú na Comhairle réiteach idir an t-aistriú atá molta i dtreo comhshocruithe réigiúnacha agus féiniúlacht láidir ACC?
– Cén ról agus cén stádas dlíthiúil atá beartaithe don Aontas Afracach agus do na heagraíochtaí réigiúnacha, amhail na Comhphobail Eacnamaíochta Réigiúnacha, laistigh den chomhpháirtíocht nua?
– Cén cineál cothromaíochta atá á lorg ag an gComhairle idir fócas láidir a dhíriú ar an Afraic agus leanúint leis an gcomhpháirtíocht le réigiúin Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin?
– Cad é atá beartaithe ag an gComhairle chun idirphlé polaitiúil a bheith níos éifeachtaí, chun faireachán ar staid chearta an duine a fheabhsú, chun an faireachán a bheith níos cuimsithí agus chun leibhéal níos airde rannpháirtíochta a bheith ag baint leis?
– Cad é atá beartaithe ag an gComhairle chun comhpháirtíocht fíor-ilghníomhaithe a chruthú, ar comhpháirtíocht í lena mbeadh ról treisithe ag parlaimintí, ag an tsochaí shibhialta agus ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla ar fud shaolré an chomhaontaithe, ó na caibidlíochtaí go dtí an cur chun feidhme?
– Cad é a dhéanfaidh an Chomhairle chun a áirithiú, mar thoradh ar chomhpháirtíocht mhéadaithe lena mbainfidh níos mó gnéithe sa bhreis ar chabhair, nach lagófar gealltanais na gcomhpháirtíochtaí maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú agus i dtaobh gan aon duine a fhágáil ar lár? Cad atá beartaithe ag an gComhairle a mhéid a bhaineann le creat a chruthú, ar creat é lena dtabharfar urraim do chearta an duine agus do phrionsabail na forbartha inbhuanaithe maidir le gníomhaíocht san earnáil phríobháideach?
– Conas a dhéanfaidh sainordú na Comhairle gné pharlaiminteach na comhpháirtíochta amach anseo a threisiú? Cén struchtúr institiúideach atá beartaithe ag an gComhairle, sa bhreis ar an gComhthionól Parlaiminteach (CP) uileghabhálach?
– Cén méid a dhéanfaidh an sainordú chun feabhas a chur ar chumhachtaí comhairleacha CP amach anseo agus chun a áirithiú go rachaidh Comhairle na nAirí i gcomhairle go rialta leis an Tionól?
– An bhfuil sé beartaithe ag an gComhairle treoracha caibidlíochta críochnaitheacha AE a fhoilsiú?