Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000047/2018 ar an gCoimisiún Rule 128 Roberto Gualtieri, , thar ceann An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Ábhar: Pacáiste AEA a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an 6 Nollaig 2017
I ndáil leis an tsraith de thograí maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta atá ag doimhniú (‘pacáiste AEA), a foilsíodh an 6 Nollaig 2017, iarrtar ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar na ceisteanna seo a leanas:
An bhféadfadh an Coimisiún an tuiscint atá aige a roinnt maidir leis na pléití atá ar siúl faoi láthair laistigh den Chomhairle ar thogra maidir le Ciste Airgeadaíochta Eorpach, agus an bhféadfadh sé a shoiléiriú cad iad na bearta atá á ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar SCE/CAE a chomhtháthú i gcreat dlíthiúil AE?
An bhféadfadh an Coimisiún tuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis an mbunús dlí atá roghnaithe aige le haghaidh na dtograí atá i ‘bpacáiste AEA’, mar a thugtar air, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an treoir lena ndéantar na forálacha uile a socraíodh sa Chomhshocrú Fioscach a thrasuí i ndlí an Aontais?
An bhféadfadh an Coimisiún a shoiléiriú conas a dhéanfadh sé a áirithiú go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach ar bhealach cuí sna tograí chun cuntasacht dhaonlathach ar an leibhéal Eorpach a fheabhsú?
An bhféadfadh an Coimisiún a shoiléiriú conas atá an pacáiste ó mhí na Nollag i gcomhréir leis na tograí ón gCoimisiún atá le teacht maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile?