Cearta vótála in AE a bhaint
21.6.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000070/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Cecilia Wikström, thar ceann An Coiste um Achainíocha
Is ceart bunúsach é vótáil i dtoghcháin, ar ceart é atá i gcoiteann ag traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát. Tugtar aitheantas dó i gConarthaí AE freisin mar ghné a bhaineann leis an gceart atá ag duine a bheith rannpháirteach go polaitiúil. Go mion minic bhí an cheist a bhaineann le páirt a ghlacadh i saol daonlathach AE agus an cheist a bhaineann le saoránaigh AE a bheith in ann leas a bhaint as a gcearta vótála agus iad ina gcónaí thar lear i mBallstát eile mar ábhar ag achainíocha.
Tá sé cinn de Bhallstáit AE (An Chipir, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, Málta agus an Ríocht Aontaithe) a bhaineann an ceart chun vótála óna náisiúnaigh má tá na náisiúnaigh sin ina gcónaí thar lear, ar an mbonn tuisceana nach dtéann cinntí polaitiúla a dhéantar ina dtír thionscnaimh i bhfeidhm ar easaoránaigh. Baineann na Ballstáit sin an ceart chun vótála óna náisiúnaigh fiú i dtoghcháin Eorpacha i gcás ina bhfuil na saoránaigh sin ag cónaí i dtríú tír, agus tá dhá thír astusan (Éire agus an Ríocht Aontaithe) a dhéanann é fiú i ndáil le náisiúnaigh atá ina gcónaí in AE. I roinnt Ballstát (e.g. an Spáinn agus an Phortaingéil) tá na saoráidí easnamhach, nó ní ann dóibh, a chuirfeadh ar chumas daoine vótáil agus iad thar lear. Is bac é sin ar a gceart chun vótála. D'fhéadfaí a mhaíomh má theorannaítear nó má bhaintear an ceart atá ag saoránaigh vótáil nuair a bhogann siad chuig tír eile san Aontas Eorpach gur sárú ar an gceart chun saorghluaiseachta faoi dhlí AE é.
1. An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, chun cosaint iomlán a thabhairt do náisiúnaigh AE atá ina gcónaí i mBallstát eile san Aontas Eorpach, ionas gur féidir leo vótáil sa bhaile i dtoghcháin agus i reifrinn, mar a gealladh i dTuarascáil 2017 maidir le Saoránacht ón gCoimisiún? Ar chuir an Coimisiún na Ballstáit go léir lena mbaineann ar an eolas faoin líon gearán a rinne saoránaigh i ndáil le baint na gceart vótála sin?
2. Ar mhiste leis an gCoimisiún tuairisciú ar conas a caitheadh leis na saoránaigh a rinne gearán i ndáil leis an gceart saorghluaiseachta a eascraíonn as gur bhain na Ballstáit a gcearta vótála agus iad ina gcónaí thar lear? An dóigh leis an gCoimisiún gur sárú ar an gceart chun saorghluaiseachta é sin, agus an bhfuil sé beartaithe aige aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun bacainní a bhaint ionas go mbeidh saoránaigh in ann páirt a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais, mar atá ráthaithe ag Airteagal 10(3) de CAE?
3. An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún bearta a mholadh i ndáil le toghcháin Eorpacha, chun an ceart a chosaint atá ag gach saoránach AE rogha a dhéanamh vótáil ina mBallstát tionscnaimh nó ina mBallstát óstach?