VP/HR - Ionchur AE in ionstraim cheangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le comhair trasnáisiúnta i leith chearta an duine
27.6.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000074/2018
ar an gCoimisiún (Leas-Uachtarán / Ardionadaí)
Rule 128
Linda McAvan, thar ceann An Coiste um Fhorbairt
Bernd Lange, thar ceann An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Pier Antonio Panzeri, thar ceann An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Bhunaigh rún 26/9 an 26 Meitheamh 2014 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine meitheal idir-rialtasach oscailte (IGWG) maidir le comhair trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i leith chearta an duine. An sainordú atá aige ná ionstraim cheangailteach dlí idirnáisiúnta a fhorbairt chun gníomhaíochtaí comhair trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó a rialú, i ndlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Tharla trí sheisiún de IGWG go dtí seo: bhí an chéad dá sheisiún dírithe ar inneachar, raon feidhme, nádúr agus struchtúr na hionstraime idirnáisiúnta atá beartaithe a phlé, agus ag an tríú seisiún, a tionóladh i mí Dheireadh Fómhair 2017, thosaigh an mheitheal ag ullmhú gnéithe do dhréacht-leagan na hionstraime a mbeadh ceangal dlí léi. Beidh an ceathrú babhta de IGWG ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2018.
D’ainneoin tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa do phróiseas IGWG, agus a hiarraidh d’fhíor-rannpháirtíocht ó AE, tá imní léirithe ag AE maidir leis an mbealach a raibh an próiseas IGWG déanta go dtí seo, ach fós tá an chuma air go bhfuil sé buailte le constaicí a chuireann cosc air a bheith páirteach sa phróiseas caibidlíochta. Go dtí seo, níl sainordú foirmiúil, a bheadh mar bhonn do chaibidlíochtaí, ag AE.
Cad iad na príomhchúiseanna a chuir cosc ar rannpháirtíocht ghníomhach AE agus a Bhallstáit sa phróiseas? An bhfuil comhsheasamh do sheisiún IGWG mhí Dheireadh Fómhair 2018 beartaithe ag AE, agus sa chás go bhfuil, cén próiseas a leanfar agus conas a bheidh AE i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara agus Parlaimint na hEorpa?
Cad iad na hiarrachtaí atá déanta chun cur chuige comhleanúnach a bhaint amach ar fud AE maidir le rochtain ar réiteach d’íospartaigh na sáruithe ar chearta an duine in AE? An measann SEGS gurb iomchuí é treoirlínte a eisiúint maidir le rochtain ar réiteach d’íospartaigh, ar treoirlínte iad sin ba cheart do na cúirteanna náisiúnta a chur ar fáil? Léiríonn an tuarascáil ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2018, maidir le cur chun feidhme Mholadh 2013 ar shásraí comhshásaimh sna Ballstáit, dibhéirseacht sa rochtain ar na córais sin ar fud an Aontas Eorpaigh. Cén ról dearfach a d'fhéadfadh a bheith ag conradh NA maidir leis seo?