Ceist pharlaiminteach - O-000115/2018Ceist pharlaiminteach
O-000115/2018

14ú cruinniú Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (COP14)

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000115/2018
chuig an gComhairle
Rule 128
Norbert Lins, Guillaume Balas, Jadwiga Wiśniewska, Gerben-Jan Gerbrandy, Benedek Jávor, Anja Hazekamp, Piernicola Pedicini, Jean-François Jalkh, thar ceann An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Nós Imeachta : 2018/2791(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000115/2018
Téacsanna arna gcur síos :
O-000115/2018 (B8-0413/2018)
Téacsanna arna nglacadh :

Agus an bhithéagsúlacht ag meath níos mó ná riamh, agus sa mhéid nár baineadh amach formhór spriocanna 2020 arís eile, beidh tábhacht níos mó ná riamh ag baint le 14ú cruinniú Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (COP14), a reáchtálfar in Sharm-el-Sheikh san Éigipt idir an 17 agus an 29 Samhain 2018. Déanfaidh na páirtithe athbhreithniú ar Phlean Straitéiseach don Bhithéagsúlacht 2011-2020 atá i bhfeidhm faoi láthair agus féachfaidh siad le fís fhadtéarmach a leagan síos agus le hullmhú do chreat bithéagsúlachta domhanda tar éis 2020.

Sa chomhthéacs sin, chuirfimis fáilte roimh fhreagraí ón gComhairle ar na ceisteanna seo a leanas:

1. Cén ghníomhaíocht atá beartaithe ag an gComhairle chun cur lena hiarrachtaí maidir le spriocanna Phlean Straitéiseach 2011-2020 a bhaint amach?

2. An bhfuil sé beartaithe ag an gComhairle sásra níos láidre don chur chun feidhme a mholadh don chreat tar éis 2020 chun stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta?

3. An dtacóidh an Chomhairle go gníomhach le bunú ionstraimí nua maoinithe don bhithéagsúlacht agus do chaomhnú éiceachórais, agus do bhunú sásra rialaithe sheachtraigh do mhaoiniú na bithéagsúlachta chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, ar chuntasacht agus ar éifeachtacht?

4. An molfaidh an Chomhairle uirlisí cuntasachta daingnithe, go háirithe le haghaidh Straitéisí Náisiúnta agus Pleananna Gníomhaíochta maidir leis an mBithéagsúlacht, chun feabhas a chur ar rialachas agus chun éascú a dhéanamh ar fhorbairt, ar leasú agus ar chur chun feidhme na spriocanna tar éis 2020 agus ar bhaint amach Fhís 2050?

An nuashonrú is déanaí: 11 Deireadh Fómhair 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais