Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000117/2018 ar an gCoimisiún Rule 128 Rosa Estaràs Ferragut, , thar ceann An Coiste um Cearta na mBan agus Comhionannas Inscne
Tá an tAontas Eorpach (AE), mar aon lena Bhallstát, ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CRPD). Le hAirteagal 4 de CRPD, ceanglaítear ar Stáit is Páirtithe ann ‘gach beart iomchuí reachtach, riaracháin agus eile a ghlacadh maidir le CRPD a chur chun feidhme’. Tá an ceart agus an deis do dhaoine faoi mhíchumas chun vótáil agus a bheith tofa cumhdaithe in Airteagail 12 agus 29 de CPRD.
Tá 80 milliún duine faoi mhíchumas san Eoraip (16% de dhaonra na hEorpa), agus is mná nó cailíní thart ar 46 mhilliún díobh, líon daoine arb ionann é agus thart ar 16% de dhaonra iomlán na mban agus na gcailíní san Aontas. Tá duine faoi mhíchumas ina theaghlach nó ina teaghlach ag duine amháin as gach ceathrar Eorpach. De réir na dtreochtaí déimeagrafacha reatha, beidh méadú ó 80 milliún go 120 milliún tagtha faoi 2020 ar líon na ndaoine faoi mhíchumas. Tá gá fós le sonraí breise atá imdhealaithe ó thaobh na hinscne de.
1. An ndéanfaidh an Coimisiún a áirithiú, maidir le glacadh Straitéis Eorpach um Míchumas 2020-2030 lena gcumhdófar forálacha uile CRPD, go ndéanfar é a chomhtháthú san obair leantach a dhéanfar i ndiaidh Straitéis Eorpach 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach agus i ndiaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus aird chuí á tabhairt ar staid na mban agus na gcailíní atá faoi mhíchumais?
2. Conas a áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar sonraí atá imdhealaithe ó thaobh na hinscne de a bhailiú chun na foirmeacha il-leithcheala trasnaigh a dhéantar ar mhná faoi mhíchumas agus ar chailíní faoi mhíchumas a aithint?
3. I bhfianaise na dtoghchán Eorpach a bheidh ann go luath, cad iad na bearta follasacha atá déanta ag an gCoimisiún chun go mbeidh mná faoi mhíchumas in ann vótáil agus seasamh i dtoghcháin, mar a luaitear i nGníomhaíocht 2 (‘Rannpháirtíocht’) de Straitéis Eorpach um míchumas 2010-2020?