Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000123/2018 chuig an gComhairle Rule 128 Iratxe García Pérez, Sylvia-Yvonne Kaufmann, Evelyn Regner, Anna Hedh, , thar ceann an Ghrúpa S&D
Ábhar: Togra le haghaidh treoir maidir le mná ar bhoird
I mí na Samhna 2012, d’fhoilsigh an Coimisiún togra le haghaidh treoir maidir le feabhas ar chur ar chothromaíocht ó thaobh inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin comhlachtaí atá liostaithe ar stoc-mhalartáin, nó an togra maidir le mná ar bhoird mar a thugtar air go coitianta. Tháinig an togra as éileamh fadbhunaithe ón bParlaimint á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh. Leagadh síos mar aidhm leis an togra gurbh é an gnéas tearcionadaithe a bheadh in 40 % de na comhaltaí neamhfheidhmiúcháin ar bhoird cuideachtaí, rud a bheadh le baint amach faoi 2020 san earnáil phríobháideach agus faoi 2018 san earnáil phoiblí (an ‘cuóta nós imeachta’ mar a thugtar air).
Creidimid gur uirlis an-tábhachtach í an treoir sin chun cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach i gcinnteoireacht eacnamaíoch ar an leibhéal is airde agus, mar atá léirithe le staidéir éagsúla, chun iomaíochas na gcuideachtaí a fheabhsú trí thairbhe a bhaint as an uile chumas sóisialta.
Ghlac an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh d’fhonn an treoir a ghlacadh, trí thromlach traspháirtí mór i mí na Samhna 2013. Ina seasamh, níor ghlac an Pharlaimint ach fíorbheagán athruithe chun a chur in iúl don Chomhairle go bhféadfadh sí teacht ar chomhaontú maidir leis an togra. Mar gheall ar na forchoimeádais atá ag go leor Ballstát, áfach, níor thángthas ar aon chomhaontú fós agus cuireadh bac leis an togra sa Chomhairle ó shin.
Le blianta beaga anuas, tá fuinneamh agus neart athnuaite curtha sa chlár comhionannais in go leor Ballstát, agus tá athrú tagtha ar chomhdhéanamh rialtais na mBallstát sin a raibh amhras orthu roimhe seo. Mar shampla, chuir Rialtas na Spáinne in iúl d’Uachtaránacht na hOstaire le déanaí go ndéanfaidh sí a forchoimeádais maidir leis an togra a tharraingt siar agus tá tairiscint déanta aici go n-oibreoidh sí go gníomhach lena comhpháirtithe AE d’fhonn tromlach leordhóthanach a bhaint amach chun teacht ar chomhaontú.
Ar ghlac Uachtaránacht na hOstaire leis an moladh ó Rialtas na Spáinne maidir leis an gcomhad ‘Mná ar Bhoird’ a chur ar chlár oibre Chomhairle mhí na Nollag chun éalú as an tsáinn i dtaca leis an treoir roimh dheireadh an téarma reachtaigh reatha sa Pharlaimint agus an comhionannas inscne a tharraingt ar ais chun tosaigh i ndíospóireachtaí AE? Murar ghlac, cén fáth? Cad é an seasamh is déanaí atá ag na Ballstáit maidir leis an gcomhad seo?