Leathadh Fhiabhras Afracach na Muc
20.11.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000124/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Czesław Adam Siekierski, , thar ceann An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
Is galar tógálach é Fiabhras Afracach na Muc (ASF) i muca agus toirc allta, galar a bhíonn marfach de ghnáth. Bíonn caillteanais eacnamaíocha indíreacha uafásacha ann d’earnáil na muc mar thoradh ar ASF toisc go gcuireann tíortha cosc tobann agus iomlán ar mhuca, ar mhuiceoil agus ar tháirgí muiceola a onnmhairítear ó thír inar braitheadh ASF. Tá 10 mBallstát thíos leis sin faoi láthair.
Déanann toirc allta an víreas a iompar agus a leathadh, agus is féidir leis an víreas sin leathadh chuig mucghabháltais chlóis. Thairis sin, leath daoine an víreas d’aon ghnó thar achair fhada chuig réigiúin nua, neamh-ionfhabhtaithe. Is léir go bhfuil gá le cur chuige domhanda a chuimsíonn na húdaráis inniúla, na heagraíochtaí gairmiúla, na heagraíochtaí fiagaithe agus na saoránaigh go léir chun ASF a chosc, a shrianadh agus a dhíothú. Tá sé tábhachtach go scaipfidh na Ballstáit faisnéis chruinn bhithshlándála ar fheirmeacha ionas gur féidir le feirmeoirí, atá ar thús cadhnaíochta, bearta a dhéanamh láithreach chun stop a chur leis an ngalar leathadh.
Sa bhreis ar na bearta chun an galar a chosc agus a smachtú atá leagtha amach ag an gCoimisiún cheana, ar bearta iad atá le cur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil amhras faoi ASF a bheith i ngabháltais agus i dtoirc allta nó i gcás ina ndeimhnítear ASF a bheith sna gabháltais nó sna toirc allta sin:
1. Conas is féidir leis an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil dlúthchomhordú ar inniúlachtaí na n-údarás inniúil go léir sna réimsí seo a leanas: sláinte ainmhithe, fiadhúlra, iompar de bhóthar agus custaim?
2. Cad iad na bearta, lena n-áirítear cúnamh airgeadais a thabhairt do na feirmeoirí atá thíos leis an ngalar, atá i gceist aige a dhéanamh chun an galar a smachtú níos fearr agus a dhíothú?
3. Conas atá an sé ag dul i ngleic leis na coisc dhíréireacha a ghlac tríú tíortha áirithe maidir le honnmhairiú muc, muiceola agus táirgí muc ó Bhallstáit atá thíos leis an ngalar?