Cearta daoine idirghnéasacha
28.11.2018
Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000133/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Claude Moraes
thar ceann An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Tá daoine idirghnéasacha gan cosaint ar chásanna iomadúla d’fhoréigean agus d’idirdhealú san Aontas Eorpach agus níl an pobal i gcoitinne ná lucht déanta beartas ar an eolas, den chuid is mó, faoi na sáruithe sin ar chearta an duine. Nuair a bheirtear daoine le saintréithe fisiceacha gnéis nach gcomhfhreagraíonn do na noirm leighis ná shóisialta le haghaidh coirp bhaineanna nó fhireanna, éilíonn mórán Ballstát go ndéantar breitheanna a dheimhniú agus a chlárú mar bhreitheanna fireanna nó baineanna. Is minic a dhéantar máinliacht agus cóireálacha leighis ar leanaí idirghnéasacha gan a dtoiliú pearsanta, iomlán agus feasach roimh ré. Is féidir leis sin iarmhairtí fadtéarmacha a bheith acu, lena n-áirítear tráma síceolaíoch agus laguithe fisiceacha.
1. Conas atá sé i gceist ag an gCoimisiún dul i ngleic leis na sáruithe ar chearta an duine i gcás daoine idirghnéasacha, agus a ndíphaiteolú a áirithiú? An gcuirfidh sé reachtaíocht ar aghaidh chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin?
2. Conas atá sé i gceist aige a áirithiú nach ndéantar aon chóireáil mhíochaine ná mháinliachta nach gá le linn naíonachta nó óige agus tacú le nósanna imeachta solúbtha clárúcháin bhreithe a ghlacadh?
3. Cad iad na céimeanna a dhéanfaidh sé chun malartú dea-chleachtas a fheabhsú agus reachtaíocht a ghlacadh a chosnaíonn go leormhaith cearta bunúsacha daoine idirghnéasacha agus leanaí idirghnéasacha – lena n-áirítear leanaí idirghnéasacha faoi mhíchumas – agus cosaint iomlán ar idirdhealú ar bhonn saintréithe gnéis a ráthú?
Curtha síos: 28.11.2018
Curtha ar aghaidh: 30.11.2018
Spriocam le haghaidh freagra: 7.12.2018