Ceist pharlaiminteach - O-000138/2018Ceist pharlaiminteach
O-000138/2018

Eoraip ina dtugtar cosaint: aer glan do chách

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000138/2018
ar an gCoimisiún
Rule 128
Julie Girling, Seb Dance, Jadwiga Wiśniewska, Catherine Bearder, Keith Taylor, Anja Hazekamp, Eleonora Evi
thar ceann An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

Nós Imeachta : 2018/2792(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000138/2018
Téacsanna arna gcur síos :
O-000138/2018 (B8-0009/2019)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Is é truailliú an aeir fós an phríomhchúis le bás luath in AE ó thaobh an chomhshaoil de; dar le meastacháin áirithe, bíonn níos mó ná 400 000 bás anabaí ann in aghaidh na bliana. Tá an pobal ar an eolas faoi thruailliú an aeir agus tá na saoránaigh ag súil le beart ó na húdaráis. Sa chomhthéacs sin, chuirfimis fáilte roimh fhreagraí ón gCoimisiún ar na ceisteanna seo a leanas:

1.  Faoi láthair, is féidir na Ballstáit a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ach is minic gur próiseas fada atá i gceist. Cad iad na bearta a dhéanfaidh an Coimisiún chun dlús a chur le himeachtaí sáraithe i gcoinne Ballstát?

2.  An gcreideann an Coimisiún go bhfuil an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh (AAQD) oiriúnach don fheidhm atá aici? Sheol an Coimisiún seiceáil oiriúnachta ar AAQD in 2017 agus tá na torthaí le teacht ag deireadh 2019. An molfar nuashonrú má bhraitear go bhfuil torthaí na seiceála oiriúnachta míshásúil?

3.  A mhéid a bhaineann le mionsonraí na gclár faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), conas a rachaidh an Coimisiún i ngleic le riachtanais na n-údarás réigiúnach agus áitiúil i dtaca le rochtain a fháil ar chistiú, chun go mbeidh deiseanna níos fearr acu i ndail le hastaíochtaí iompair a laghdú?

4.  Cad iad na bearta a chuirfidh an Coimisiún agus Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil ann (AS ENV) san áireamh sa chéad athchóiriú eile ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chun feirmeoirí a spreagadh chun astaíochtaí a laghdú, go háirithe astaíochtaí amóinia?

5.  An bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar thocsaineacht ionchasach an charbóin dhuibh, ina aonar agus mar chomhpháirt de cháithníní míne agus sármhíne aeir uirbigh? Conas a rachaidh an Coimisiún i ngleic le húdair imní atá ag méadú maidir leis an tionchar a bhíonn ag PM1 agus ag cáithníní sármhíne ar shláinte an duine? An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún staidéir nochta a dhéanamh maidir le húdair imní den chineál sin atá ag teacht chun cinn maidir le truailliú?

Curtha síos: 3.12.2018

Curtha ar aghaidh: 5.12.2018

Spriocam le haghaidh freagra: 12.12.2018

An nuashonrú is déanaí: 6 Nollaig 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais