Ceist pharlaiminteach - O-000013/2019Ceist pharlaiminteach
O-000013/2019

Modhnú géanóim ar gheirmlíne an duine

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000013/2019
ar an gCoimisiún
Rule 128
Miroslav Mikolášik, Peter Liese
thar ceann an Ghrúpa PPE

Nós Imeachta : 2019/2568(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000013/2019
Téacsanna arna gcur síos :
O-000013/2019 (B8-0012/2019)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tá dul chun cinn suntasach i ndáil le dul i ngleic le riochtaí leighis tromchúiseacha agus iad a thuiscint tagtha as an bhforbairt ar theicneolaíochtaí um eagarthóireacht ghéanóim atá ag teacht chun cinn go gasta, go háirithe CRISPR/Cas9. Mar sin féin, cé go bhfuil eagarthóireacht ghéanóim shómataigh ag dul ar aghaidh chuig céim na dtrialacha cliniciúla faoi chritéir aistritheacha dhiana agus fhreagracha, féadfaidh léirthuiscint éiginnte teacht as eagarthóireacht ghéanóim ar gheirmlíne ó thaobh cosc ar mhodhnú ar gheirmlíne an duine de, ar cosc é a aithnítear go hidirnáisiúnta.

Le linn an Dara Cruinniú Mullaigh Idirnáisiúnta maidir le hEagarthóireacht Ghéanóm an Duine a reáchtáladh le déanaí i Hong Cong, an 27-29 Samhain 2018, rinne an taighdeoir Síneach, He Jiankui, tuairisciú gan choinne ar an gcéad úsáid chliniciúil d’eagarthóireacht ghéanóim ar gheirmlíne, agus mhaígh sé gur rugadh beirt leanaí mar thoradh air sin. Cé nár fíoraíodh an méid a mhaígh sé, pé scéal é bhí sé thar a bheith lochtach agus mí-eiticiúil, mar atá dearbhaithe ag an bpobal eolaíoch idirnáisiúnta i gcoitinne.

Le heagarthóireacht ghéanóim ar gheirmlíne a dhéantar ar shuthanna agus gaiméití, cruthaítear rioscaí dáiríre go mbeadh éifeachtaí díobhálacha gan choinne ann, ní hamháin don duine aonair féin ach dá shliocht freisin. Dá bhrí sin, thiocfadh athruithe ar gach glúin amach anseo as géin-athruithe dúchais. Thairis sin, baineann an gnáthamh sin an bonn go mór ó dhínit an duine. Tá cosc ar mhodhnú géanóim ar gheirmlíne daingnithe i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, amhail an Dearbhú Uilechoiteann maidir leis an nGéanóm Daonna agus le Cearta an Duine agus Coinbhinsiún Oviedo, mar aon le dlí an Aontais[1].

I bhfianaise an mhéid sin thuas:

1. An eol don Choimisiún an gá práinneach atá ann chun dul i ngleic le himpleachtaí eiticiúla agus dlíthiúla mhodhnú géanóim ar gheirmlíne an duine do shábháilteacht leanaí agus na glúnta amach anseo agus le tacú, dá réir sin, le cosc domhanda ar mhodhnú ar ghéanóm an duine chun bac a chur le turgnamhaíocht mhí-eiticiúil ar dhaoine?

2. Cad iad na bearta a bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún iad a dhéanamh chun rannpháirtíocht agus díospóireacht phoiblí níos leithne a chothú bunaithe ar léirmhíniú ceart ar dhul chun cinn i gcomhthéacs sóisialta?

Curtha síos: 7.2.2019

Curtha ar aghaidh: 11.2.2019

Spriocam le haghaidh freagra: 18.2.2019

An nuashonrú is déanaí: 8 Feabhra 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais