Ceist pharlaiminteach - O-000018/2019Ceist pharlaiminteach
O-000018/2019

Cliseadh an Choimisiúin maidir le bearta práinneacha a ghlacadh i ndáil le Suaiteoirí Inchríneacha (EDCanna)

27.2.2019

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000018/2019
ar an gCoimisiún
Rule 128
Nicola Caputo, Eric Andrieu, Sirpa Pietikäinen, José Inácio Faria, Martin Häusling, Frédérique Ries, Pavel Poc, Pascal Arimont, Marc Tarabella, Christel Schaldemose, Karin Kadenbach, Kateřina Konečná, Rory Palmer, Nathalie Griesbeck, Piernicola Pedicini, Virginie Rozière, Michèle Rivasi, Pascal Durand, Eva Joly, Karima Delli, Guillaume Balas, Patrick Le Hyaric, Georgios Epitideios, Stelios Kouloglou, Merja Kyllönen, Maria Noichl, Theresa Griffin, Daciana Octavia Sârbu, Enrico Gasbarra, João Ferreira, Claudiu Ciprian Tănăsescu, Maite Pagazaurtundúa Ruiz, Lynn Boylan, Anja Hazekamp, Rolandas Paksas, Marie-Pierre Vieu, Sylvie Goddyn, Momchil Nekov, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, Ana Gomes, Maria Grapini, Miguel Viegas, Luke Ming Flanagan, Isabelle Thomas, Margrete Auken, Ana Miranda, Tanja Fajon, Younous Omarjee, Andrea Cozzolino, Kostas Chrysogonos, Estefanía Torres Martínez, Miltiadis Kyrkos, Mireille D'Ornano, Michela Giuffrida, Carolina Punset, João Pimenta Lopes

D’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht an 7 Samhain 2018 dar teideal ‘I dtreo chreat cuimsitheach an Aontais Eorpaigh maidir le suaiteoirí inchríneacha’ chun Straitéis 1999 a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart go mbeadh sé sin mar fhreagairt do ghealltanas an 7ú CGC maidir le nochtadh ar EDCanna a íoslaghdú faoi 2015 agus do chonclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2016 lenar iarradh ar an gCoimisiún gníomhú faoi dheireadh i leith ceimiceáin dhíobhálacha, lena n-áirítear EDCanna, ach níl aghaidh tugtha sa doiciméad 11 leathanach ar an ngéarghá atá le saoránaigh AE a chosaint i gcoinne nochtadh leathan ar EDCanna, go háirithe na pobail is leochailí, lena n-airítear leanaí.

Tá a straitéisí féin maidir le EDCanna glactha ag roinnt Ballstát anois.

Leis an teachtaireacht ón gCoimisiún ní mholtar aon bhearta nithiúla réamhchúraim chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sláinte práinneacha a sainaithníodh, ná chun bealaí éalaithe dlíthiúla a dhúnadh a sainaithníodh faoi na próisis athbhreithnithe a rinneadh cheana; ina ionad sin, moltar seiceáil oiriúnachta eile ann.

Cathain a thiocfaidh an Coimisiún ar phlean gníomhaíochta chun tús a chur leis na tograí ginearálta a leagtar amach sa teachtaireacht agus cathain a stopfaidh sé ag cur moill ar chur chun feidhme na mbeart éifeachtach?

Cad iad na pleananna chun tuilleadh moille ar ghníomhaíocht a dhéanamh mar gheall ar an tseiceáil oiriúnachta a sheachaint, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar an reachtaíocht ábhartha cheana féin?

Cad iad na gníomhaíochtaí nithiúla atá beartaithe chun na grúpaí is leochailí a chosaint?

Curtha síos: 27.2.2019

Curtha ar aghaidh: 1.3.2019

Spriocam le haghaidh freagra: 8.3.2019

An nuashonrú is déanaí: 1 Márta 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais