Ceist pharlaiminteach - O-000024/2019Ceist pharlaiminteach
O-000024/2019

Cuardach agus tarrtháil sa Mheánmhuir

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000024/2019
chuig an gComhairle
Rule 136
Juan Fernando López Aguilar
thar ceann An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Nós Imeachta : 2019/2755(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000024/2019
Téacsanna arna gcur síos :
O-000024/2019 (B9-0052/2019)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Dé réir na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce (IOM)[1], faoin 28 Lúnasa 2019, b’ionann líon iomlán na mbásanna sa Mheánmhuir agus  909 nduine. An 29 Márta 2019, chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUNAVFOR MED Oibríocht Sophia go dtí an 30 Meán Fómhair, ach rinne sí an sainordú a theorannú d’oibríochtaí aeir, agus cuireadh oibríochtaí muirí (soithigh) ar fionraí. Rinne an Iodáil a calafoirt a dhúnadh ar dhaoine a tarrtháladh ar muir, agus rinne sí a gníomhaíochtaí comhordaithe maidir le cuardach agus tarrtháil sa Mheánmhuir a laghdú go mór. Le tacaíocht ón gCoimisiún, tá líon Ballstát ag glacadh leosan a tarrtháladh, ar bhonn sásra leithdháilte ad hoc lena n-éilítear ar na criúnna agus orthusan a tarrtháladh, fanacht ar an mórmhuir ar feadh roinnt laethanta, nó seachtainí fiú, sula gceadaítear dóibh a theacht i dtír i gcalafort sábháilte. Léirigh rún ón bParlaimint i mí Aibreáin 2016, maidir leis an staid sa Mheánmhuir agus leis an ngá atá le cur chuige iomlánach ó AE i dtaca leis an imirce, ‘nár cheart go mbeadh máistrí loinge nó eagraíochtaí neamhrialtasacha a thugann fíorchabhair do dhaoine a bhíonn i nguais ar muir, nár cheart go mbeidís i mbaol pionóis as cabhair den sórt sin a thabhairt’. I mí Iúil 2018, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún, treoirlínte a thabhairt do na Ballstáit maidir le cosc a chur ar cabhair dhaonnúil a choiriúlú.

Sa chomhthéacs sin, iarann an Pharlaimint ar an gComhairle, sonrú a dhéanamh ar an tacaíocht a chuireann sí ar fáil chun acmhainneachtaí cuardaigh agus tarrthála sa Mheánmhuir a neartú:

 maidir le gníomhaíochtaí comhordaithe sa Mheánmhuir;

 trí shoiléiriú a thabhairt ar na cineálacha éascaithe nár cheart do na Ballstáit a choiriúlú, agus

 trí rannchuidiú le réiteach a fháil ar leithdháileadh na ndaoine a tharrtháiltear ar muir i gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta.

Curtha isteach: 9.9.2019

Curtha ar aghaidh: 10.9.2019

Dul i léig: 1.10.2019

An nuashonrú is déanaí: 11 Meán Fómhair 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais