Ceist pharlaiminteach - O-000026/2019Ceist pharlaiminteach
O-000026/2019

Inphaitinneacht plandaí agus próiseas atá bitheolaíoch go bunúsach

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000026/2019
ar an gCoimisiún
Rule 136
Norbert Lins
thar ceann An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Nós Imeachta : 2019/2800(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000026/2019
Téacsanna arna gcur síos :
O-000026/2019 (B9-0051/2019)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Tá rochtain saor ó bhacainní ar ábhar plandaí riachtanach le haghaidh acmhainn nuálaíochta na hearnála pórúcháin plandaí san Eoraip agus le haghaidh feirmeoirí, chomh maith le héagsúlacht ghéiniteach ár gcuid barr agus sláinte shaoránaigh AE.

In 2015, rialaigh Mórbhord Achomhairc Oifig Eorpach na bPaitinní (OEP) go bhfuil táirgí a thagann as próisis atá bitheolaíoch go bunúsach, amhail plandaí, síolta, tréithe dúchasacha agus géinte, inphaitinnithe. Ar bhonn an chinnidh sin, paitinníodh, go bunúsach, cineál brocailí agus cineál trátaí (Cásanna G2/12 (trátaí) agus G2/13 (brocailí)).

Mar fhreagra, ghlac Parlaimint na hEorpa rún[1] an 17 Nollaig 2015 inar iarradh soiléiriú ar an dlí paitinne do phlandaí. Ina Fhógra an 8 Samhain 2016, dúirt an Coimisiún nár beartaíodh riamh paitinní a dheonú ar thréithe nádúrtha a thugtar isteach i bplandaí trí phróisis atá bitheolaíoch go bunúsach amhail crosphórú agus roghnú. Thacaigh gach Ballstát leis an léamh sin agus ar deireadh thiar rinne Bord Stiúrthóirí OEP leasú ar a bheartas sa chaoi nach ndeonfaidís paitinní ar tháirgí a thagann as próisis atá bitheolaíoch go bunúsach.

Ar an drochuair, dhiúltaigh Bord Teicniúil OEP um Achomharc don chinneadh sin an 18 Nollaig 2018. Mhaígh sé go bhfuil tosaíocht ag an gCoinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach ar rialacha cur chun feidhme OEP agus go bhféadfaí paitinní ar phlandaí a dheonú dá bhrí sin.

Ag an gcéim seo, tá iarrtha ag Uachtarán OEP breithiúnas deiridh a fháil ón Mórbhord Achomhairc chun an tsaincheist a thabhairt chun críche. Tá tríú páirtithe i dteideal ráitis i scríbhinn a chur faoi bhráid an Mhórbhoird roimh an 1 Deireadh Fómhair 2019.

An bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ráiteas i scríbhinn a chur faoi bhráid an Mhórbhoird Achomhairc OEP chun go gcosnófar acmhainn nuálaíochta na hearnála pórúcháin plandaí san Eoraip chomh maith le leas ginearálta an phobail?

Cad iad na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún chun a áirithiú nach bhfuil táirgí a thagann as próisis nádúrtha inphaitinnithe?

Curtha síos: 9.9.2019

Curtha ar aghaidh: 11.9.2019

Spriocam le haghaidh freagra: 18.9.2019

An nuashonrú is déanaí: 11 Meán Fómhair 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais