Ceist pharlaiminteach - O-000032/2019Ceist pharlaiminteach
O-000032/2019

Feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh

11.10.2019

Ceist le haghaidh freagra ó bhéal O-000032/2019
ar an gCoimisiún
Rule 136
Petar Vitanov, Maria Grapini, Tsvetelina Penkova, Andris Ameriks, Bronis Ropė, Elena Yoncheva, Ivo Hristov, Petras Auštrevičius, Ilhan Kyuchyuk, Atidzhe Alieva-Veli, Iskra Mihaylova, Andrey Novakov, Emil Radev, Asim Ademov, Eva Maydell, Andrey Kovatchev, Alexander Alexandrov Yordanov, Radan Kanev, Liudas Mažylis, Viktor Uspaskich, Tudor Ciuhodaru, Claudiu Manda, Rovana Plumb, Adrian-Dragoş Benea, Carmen Avram, Cristian Terheş, Andrius Kubilius, Rasa Juknevičienė, Juozas Olekas, Vilija Blinkevičiūtė, Bogusław Liberadzki, Angel Dzhambazki, Andrey Slabakov, Andor Deli, Loránt Vincze, Balázs Hidvéghi, Edina Tóth, András Gyürk, Andrea Bocskor, Kinga Gál, József Szájer, György Hölvényi, Enikő Győri, Tamás Deutsch, Ádám Kósa, Sergei Stanishev, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Radosław Sikorski, Krzysztof Hetman, Andrzej Halicki, Ewa Kopacz, Tomasz Frankowski, Danuta Maria Hübner, Marian-Jean Marinescu, Daniel Buda, Ioan-Rareş Bogdan, Cristian-Silviu Buşoi, Vasile Blaga, Adina-Ioana Vălean, Gheorghe Falcă, Eugen Tomac, Kosma Złotowski, Anna Fotyga, Andżelika Anna Możdżanowska, Ryszard Czarnecki, Tomasz Piotr Poręba, Elżbieta Rafalska, Witold Jan Waszczykowski, Anna Zalewska, Joanna Kopcińska, Zdzisław Krasnodębski, Zbigniew Kuźmiuk, Jadwiga Wiśniewska, Bogdan Rzońca, Jacek Saryusz-Wolski, Beata Mazurek, Ryszard Antoni Legutko, Roberts Zīle, Karol Karski, Adam Bielan, Beata Szydło, Krzysztof Jurgiel, Izabela-Helena Kloc

Is é an margadh inmheánach bunús agus todhchaí an Aontais Eorpaigh. Tá buntábhacht leis na modhanna a bhainfí feidhm astu chun a chomhtháthú iomlán, eiticiúil agus iomaíoch a bhaint amach.

An 4 Aibreán 2019, ghlac an Pharlaimint trí sheasamh ar an gcéad léamh a bhaineann le Pacáiste Soghluaisteachta I: maidir le tiománaithe a phostú, maidir le ham tiomána agus tréimhsí scíthe, agus maidir le hoiriúnuithe ar fhorbairtí san earnáil iompar de bhóthar. Tá leasuithe suntasacha sna seasaimh sin ar an togra ón gCoimisiún, ar leasuithe iad nár ndearnadh measúnú orthu riamh. Ina theannta sin, baineann na forálacha le dúrud saincheisteanna, agus beidh athrú agus leathnú rialacha AE maidir le hiompar de bhóthar i gceist leo. Imreoidh na hathruithe sin tionchar ar fhostaithe, ar thomhaltóirí, ar iomaíocht, ar struchtúr an tionscadail tarlaithe de bhóthar amach anseo, agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Chuige sin, ba mhaith linn na ceisteanna seo a leanas a chur ar an gCoimisiún:

Conas a dhéanfaidh an creat dlíthiúil atá molta difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh? Cad é an tionchar a bheidh aige i dtaobh na nithe seo a leanas:

 an costas breosla bliantúla do na haistir gan lastas a bheidh ann mar thoradh ar an gceanglas filleadh ar Bhallstát bunaíochta an tarlóra;

 ioncam caillte agus caiteachas breise riaracháin i gcomhair cuideachtaí san earnáil Eorpach iompair de bhóthar;

 infheistíochtaí ag cuideachtaí san earnáil;

 an leibhéal fostaíochta i gcuideachtaí idirnáisiúnta iompair;

 méid iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag an earnáil iompair;

 praghsanna iompair agus praghsanna earraí do thomhaltóirí na hEorpa?

Conas a chuirfidh na Ballstáit bearta chun feidhme atá coibhéiseach le Treoir 96/71/CE maidir le tríú tíortha?

Curtha isteach: 11.10.2019

Curtha ar aghaidh: 15.10.2019

Spriocam le haghaidh freagra: 22.10.2019

An nuashonrú is déanaí: 16 Deireadh Fómhair 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais