Uimhreacha seirbhíse 0800 do chustaiméirí
20.11.2019
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000037/2019/rev.1
ar an gCoimisiún
Riail 136
Andreas Schwab, Christian Ehler, Pilar del Castillo Vera, Angelika Niebler, Róża Thun und Hohenstein, Edina Tóth
thar ceann Ghrúpa PPE
Siúd is gur chéimeanna tábhachtacha ionsar mhargadh ceart aonair sa teileachumarsáid iad rialacháin fánaíochta AE a thabhairt isteach, an uimhir éigeandála 112 ar féidir glao uirthi ar fud AE, agus an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, is gá don Aontas tuilleadh a dhéanamh óir tá baic fós ann.
Bac ar leith nach féidir glacadh leis inár margadh aonair, baineann sé leis an uimhir seirbhíse 0800 atá saor ó tháille. Baintear feidhm as an uimhir sin, mar shampla, chun gur féidir le daoine muinteartha othar ospidéil glao a chur agus faisnéis a iarraidh. Bíodh sin mar atá, ní fheidhmíonn an uimhir thar theorainneacha faoi láthair, agus ní féidir le daoine muinteartha othar, dá dhroim sin, glao ar ospidéal i mBallstát eile chun faisnéis faoi othar a iarraidh.
Toisc gur staid é sin nach féidir glacadh leis i margadh aonair comhtháite agus feidhmiúil:
- 1.Cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún réiteach Eorpach a aimsiú chun a chinntiú go mbeifear in ann an uimhir seirbhíse 800 atá saor ó tháille a úsáid agus glaonna trasteorann á gcur in AE?
- 2.An ndéanfaidh an Coimisiún tionscnamh a chur faoi bhráid na Parlaiminte chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin?
- 3.An bhfuil an Coimisiún toilteanach dul i gceann oibre, d’fhonn an margadh aonair a chomhlánú, ionsar uimhir uilíoch saor ó tháille a bhunú don Aontas?
Curtha síos: 20/11/2019
Spriocdháta i gcomhair freagra: 21/02/2020