Cánachas cothrom i ngeilleagar digitithe agus domhandaithe – BEPS 2.0
4.12.2019
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000040/2019
ar an gCoimisiún
Riail 136
Irene Tinagli
thar ceann an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Tar éis ghéarchéim airgeadais 2008-2009 agus sraith cásanna a bheith nochtaithe maidir le cleachtais éagsúla imghabhála cánach, pleanála ionsaithí cánach agus seachanta cánach, comhaontaigh tíortha G20 aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar leibhéal ECFE tríd an tionscadal um Chreimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis (BEPS), as a dtiocfadh Plean Gníomhaíochta BEPS. Ní raibh aon chomhaontú ann, áfach, maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a bhaineann le digitiú an gheilleagair, rud a ndearnadh Tuarascáil 1 ar leithligh maidir le Gníomhaíocht BEPS a fhoilsiú mar thoradh air in 2015.
Atosaíodh an chaibidlíocht idirnáisiúnta in 2019 tar éis Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 (a thug os cionn 130 tír le chéile), agus sheol ECFE clár oibre chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as an digitiú.
Bíonn an plé ar leibhéal ECFE/G20 roinnte i ngrúpaí a dhíríonn ar dhá cholún: Le Colún a hAon, bunaítear leithdháileadh nua ceart cánachais trí bhíthin nasc nua agus rialacha nua maidir le leithdháileadh brabúis, agus le Colún a Dó, tugtar aghaidh ar na saincheisteanna BEPS atá fós gan réiteach, agus tugtar bearta isteach chun íosleibhéal cánachais a áirithiú.
Tá na ceisteanna seo a leanas ag an bParlaimint ar an gCoimisiún:
- 1.Cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún seasamh coiteann AE a áirithiú sa phlé idirnáisiúnta ag ECFE maidir le dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair, rud atá ríthábhachtach chun a ráthú go bhfreastalófar ar an mbealach is fearr ar leasanna na hEorpa agus go labhróidh an tAontas d’aon ghuth?
- 2.Cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an plé idirnáisiúnta leanúnach maidir le Colúin a hAon agus a Dó i gcomhréir le tograí AE amhail an Comhbhonn Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin, an Cháin ar Sheirbhísí Digiteacha (DST) agus cánachas ar Láithreacha Suntasacha Digiteacha (DSP)? Cén tionchar a bhfuil an Coimisiún ag súil lena bheith ag Colúin a hAon agus a Dó ar na tograí sin agus ar bhailiú ioncaim ag na Ballstáit?
- 3.Conas atá an Coimisiún ag ullmhú chun an margadh idirnáisiúnta féideartha sin a chur chun feidhme agus, sa chás nach dtiocfar ar aon réiteach idirnáisiúnta, cathain agus conas a ghníomhóidh an Coimisiún chun freagairt chomhordaithe AE a áirithiú d’fhonn an margadh aonair a choimirciú ar thuilleadh ilroinnte?
Curtha síos: 04/12/2019
Spriocdháta i gcomhair freagra: 05/03/2020