Institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc
12.12.2019
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000048/2019
ar an gCoimisiún
Riail 136
Irene Tinagli
thar ceann an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
I bhfianaise an róil lárnaigh atá ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) maidir le margaí airgeadais Eorpacha a rialáil, tá sé ríthábhachtach go ndéileálfar go hiomchuí le cásanna coinbhleachta leasa ina mbíonn oifigigh shinsearacha páirteach. Ní hamháin go bhféadfadh coinbhleachtaí leasa nach dtugtar aghaidh orthu an bonn a bhaint d’fhorfheidhmiú ardchaighdeáin eiticiúla ar fud an riaracháin Eorpaigh, ach d’fhéadfaidís an ceart chun dea-riaracháin a chur i mbaol freisin.
Tar éis stiúrthóir feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE), Adam Farkas, a bheith ceaptha mar phríomhfheidhmeannach an Chumainn um Margaí Airgeadais san Eoraip (AFME) amhail ón 1 Feabhra 2020, léiríodh imní i bParlaimint na hEorpa. Rinne Bord Maoirseoirí (BM) ÚBE measúnú ar an gcoinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann sa chás seo. D’admhaigh sé go bhfuil coinbhleacht leasa ann agus dá bhrí sin chinn sé srianta áirithe a fhorchur maidir leis an aistriú. Cuireadh na srianta sin ar fáil don phobal an 17 Meán Fómhair 2019.
I bhfianaise an mhéid sin thuas, ba mhaith leis an bParlaimint a iarraidh ar an gCoimisiún:
- 1 An measann an Coimisiún gur leor na srianta arna bhforchur ag ÚBE chun an choinbhleacht leasa aitheanta a chosc sa chás seo? An gcreideann sé gurbh fhéidir an t-aistriú faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair a thoirmeasc? Ar bheart comhréireach é toirmeasc den sórt sin?
- 2 Maidir le fostaíocht iarphoiblí nó cásanna coinbhleachta leasa a thagann chun cinn tar éis ceapacháin i stíl an ‘dorais imrothlaigh’, is saincheisteanna athfhillteacha iad agus tá measúnú agus anailís déanta orthu ag comhlachtaí idirnáisiúnta agus AE, go háirithe an tOmbudsman Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ach cad atá déanta ag an gCoimisiún chun na moltaí sin a chur chun feidhme?
- 3 Le linn na díospóireachta ar an gcás sin i Seisiún Iomlánach an 24 Deireadh Fómhair 2019, dúirt an Coimisinéir Mimica an méid seo a leanas: ‘is é tuairim an Choimisiúin gurbh fhearr a dhéanfaí a ardchaighdeáin eiticiúla a fhorfheidhmiú san Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus, ar bhonn níos ginearálta, ar fud na ngníomhaireachtaí uile trí chreat dlí comhchuibhithe a chur ar bun. Déanfaidh an Coimisiún seo, agus b’fhéidir go bhféadfainn freisin labhairt thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh nua, an díospóireacht anseo sa Pharlaimint agus toradh na díospóireachta sin a chur san áireamh agus iad ag breathnú ar na rialacháin eiticiúla iarfhostaíochta agus á n-athbhreithniú’. An bhfuiltear ag súil le haon bhearta nithiúla chun an creat dlíthiúil a choigeartú? Más amhlaidh atá, cén reachtaíocht go díreach a chuirfear in oiriúint?
Curtha síos: 12/12/2019
Spriocdháta i gcomhair freagra: 13/03/2020