An straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ – ról lárnach na bhfeirmeoirí agus na gceantar tuaithe
3.2.2020
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000013/2020
ar an gCoimisiún
Riail 136
Norbert Lins
thar ceann an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
An 12 Nollaig 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), lena n-áirítear treochlár, a bhfuil tagairt don straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ iontu araon.
Sa teachtaireacht uaidh, leagann an Coimisiún plean uaillmhianach agus forleathan amach chun caighdeán domhanda san inbhuanaitheacht a bhaint amach sa i gcóras bia agus talmhaíochta na hEorpa. Cumhdaítear sa phlean sin bearta a bhaineann le ceantair thalmhaíochta agus thuaithe atá á n-athbhreithniú faoi láthair, lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT), an Straitéis Foraoiseachta, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais 2030, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, an Straitéis Ceimiceán i dtaobh na hInbhuanaitheachta agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar na príomhghnéithe is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta.
Tacaíonn Parlaimint na hEorpa go hiomlán leis an bplean sin agus cuireann sí i dtreis, faoi chreat reachtach agus beartais AE atá ann faoi láthair lena rialaítear córas bia agus talmhaíochta na hEorpa ón táirgeadh, ón bpróiseáil agus ón margaíocht go dtí an tomhaltas, go soláthraítear táirgí agus seirbhísí ar ardchaighdeán agus, san am céanna, go gcuirtear leibhéil arda sábháilteachta ar fáil do dhaoine, d’ainmhithe agus don dúlra. Ní mór leanúint d’ioncam cóir a chinntiú d’fheirmeoirí agus oibreoirí i bpobail bhríomhara thuaithe, agus inbhuanaitheacht sa táirgeadh talmhaíochta agus sa bhainistiú foraoiseachta a chothú san am céanna freisin, ar nithe iad araon atá lárnach sa bhithgheilleagar i gcoitinne.
Conas a áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear amach na cuspóirí sin agus, san am céanna, go dtabharfar urraim d’éagsúlacht na gcóras talmhaíochta agus bia in AE, go gcoinneofar na daoine a chónaíonn agus a oibríonn i gceantair thuaithe ag a chroílár, lena n-áirítear feirmeoirí agus daoine a bhfuil baint acu le próiseáil agus margú a dtáirgí, agus go gcuirfear san áireamh na dúshláin a bheidh ann amach anseo?
Conas a áiritheoidh an Coimisiún iomaíochas tháirgeoirí AE i margadh an Aontais agus sa mhargadh idirnáisiúnta, agus ioncam cóir d’fheirmeoirí i gcomhthéacs na gceanglas breise faoi na beartais nua agus athbhreithnithe, i bhfianaise na dlúthbhainte atá idir an inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil agus na n-acmhainní breise airgeadais a bheidh de dhíth ar an earnáil chun na ceanglais nua a chomhlíonadh?
Conas a áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na beartais nua agus athbhreithnithe i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus comhleanúnach agus gan mhoill, agus, dá réir sin, go gcosnófar an méid atá bainte amach cheana féin agus go gcothófar breis inbhuanaitheachta san am céanna, go háirithe maidir le CBT?
Conas a áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na gníomhaithe uile sa slabhra soláthair bia, ón táirgeoir/feirmeoir go dtí an tomhaltóir/saoránach, ar an eolas faoin ról atá acu ó thaobh breis inbhuanaitheachta a chothú, agus conas is féidir leis iad a chumhachtú cinntí eolasacha a dhéanamh i gcomhréir le rogha a dtosaíochtaí gan iad a bheith á gcur ar míthreoir?
Curtha síos: 03/02/2020
Spriocdháta i gcomhair freagra: 04/05/2020