Todhchaí an oideachais san Eoraip i gcomhthéacs COVID-19
8.9.2020
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000052/2020
ar an gComhairle
Riail 136
Sabine Verheyen
thar ceann an Choiste um Chultúr agus um Oideachas
Nós Imeachta : 2020/2760(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :
O-000052/2020
Téacsanna arna gcur síos :
O-000052/2020 (B9-0020/2020)
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :
Tá paindéim COVID-19 ag cur isteach go mór ar chúrsaí oideachais agus oiliúna ar fud an Aontais Eorpaigh ar bhealach nach bhfacthas riamh. Dúnadh institiúidí oideachais agus oiliúna ar fud na mBallstát; cuireadh scrúduithe ar ceal; agus bhí ar na milliúin foghlaimeoirí athrú go tobann go dtí an fhoghlaim ar líne nó an chianfhoghlaim.
- 1.Cad é measúnú na Comhairle ar thionchar na géarchéime ar institiúidí, ar a bhfoireann agus ar a bhfoghlaimeoirí?
- 2.Cad iad na ceachtanna a foghlaimíodh ón aistriú tobann go dtí an fhoghlaim dhigiteach ar bhonn mórscála?
- 3.Cad iad na tosaíochtaí beartais oideachais a sainaithníodh mar fhreagairt don staid le sé mhí anuas chun ár gcórais oideachais agus oiliúna a dhéanamh níos cuimsithí agus níos athléimní?
- 4.Dar leis an gComhairle, cén chaoi ar cheart na ceachtanna a foghlaimíodh a ionchorprú sa Phlean Gníomhaíochta uasgrádaithe don Oideachas Digiteach agus sa Limistéar Eorpach Oideachais?
- 5.Cad é fís fhadtéarmach na Comhairle do bheartas oideachais AE?
Curtha síos: 08/09/2020
Spriocdháta i gcomhair freagra: 09/12/2020
An nuashonrú is déanaí: 10 Meán Fómhair 2020