An Ráthaíocht don Aos Óg a threisiú
24.9.2020
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000059/2020
ar an gCoimisiún
Riail 136
Lucia Ďuriš Nicholsonová, Cindy Franssen, Brando Benifei, Monica Semedo, Elena Lizzi, Kira Marie Peter-Hansen, Elżbieta Rafalska, Leila Chaibi
thar ceann an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
An 1 Iúil 2020, rinne an Coimisiún togra le haghaidh moladh ón gComhairle a chur ar aghaidh maidir le Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus lena ndéantar ionadú ar an Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú[1]. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá na rátaí dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta in AE ag ardú agus na milliún daoine i mbaol a bpost a chailleadh. Ó mhí Aibreáin 2020, bhí an ráta dífhostaíochta i measc na hóige cothrom le 16.8% ar fud AE, ráta a meastar go dtiocfaidh ardú mór air. Is dóchúil gurb iad na daoine óga is troime a bheidh buailte ag iarmhairtí diúltacha na paindéime.
Mar sin féin, rinneadh an leithdháileadh 15% le haghaidh gníomhaíochtaí spriocdhírithe do dhaoine óga nach bhfuil fostaithe atá sa togra leasaithe ón gCoimisiún maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+) an 28 Bealtaine 2020, a laghdú go 10% i gconclúidí na Comhairle Eorpaí, rud atá go hiomlán i gcontrárthacht le huaillmhianta an Aontais infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga agus a mhainneodh, dá bhrí sin, dul i ngleic le dúshláin shóisialta agus fostaíochta na ré i ndiaidh COVID-19.
- 1.Cad a mheasann an Coimisiún faoin laghdú ar an leithdháileadh le haghaidh gníomhaíochtaí spriocdhírithe do dhaoine óga nach bhfuil fostaithe a ghlac an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 21 Iúil 2020?
- 2.Cén chaoi a bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún an faireachán ar chur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg a fheabhsú agus na Ballstáit a spreagadh chun éifeachtúlacht na hionstraime a fheabhsú?
- 3.An dtacaíonn an Coimisiún leis an iarraidh ón bParlaimint ar cháilíocht na dtairiscintí ar fhostaíocht faoin Ráthaíocht don Aos Óg a neartú, mar shampla trí athbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna agus trí thacú le prionsabal ceangailteach a thabhairt isteach maidir le luach saothair? Cén chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh chun é sin a chur chun feidhme agus cabhrú leo critéir cheangailteacha a shainiú i gcás tairiscintí ardcháilíochta?
- 4.Cad iad na bearta nithiúla atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh chun dífhostaíocht a laghdú trí rannpháirtíocht i gcláir ghairmoiliúna a chur chun cinn faoin Ráthaíocht don Aos Óg?
Curtha síos: 24/09/2020
Spriocdháta i gcomhair freagra: 25/12/2020
- [1] COM(2020)0277.