Cur chun feidhme reachtaíocht uisce AE
7.12.2020
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000077/2020
ar an gComhairle
Riail 136
Christophe Hansen, Sara Cerdas, Nicolae Ştefănuță, Marco Dreosto, Martin Häusling, Joanna Kopcińska, Malin Björk, Eleonora Evi
thar ceann an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Is díol sásaimh don Pharlaimint an chonclúid ón gCoimisiún go bhfuil an Chreat-treoir Uisce[1] (CTU) oiriúnach dá feidhm, ach measann sí ina ainneoin sin gur gá a cur chun feidhme a fheabhsú agus dlús a chur leis. Cé gur éirigh le CTU creat rialachais a chur ar bun le haghaidh bainistiú comhtháite uisce do na céadta míle dobharlach san Aontas Eorpach maidir le moill a chur ar an meath ar stádas an uisce agus laghdú a dhéanamh ar thruailliú ceimiceach, aicmítear níos lú ná leath de dhobharlaigh AE mar a bheith i stádas maith, in ainneoin spriocdháta 2015. Thairis sin, níor léiríodh dul chun cinn ach i gceann amháin de na ceithre tháscaire fionnuisce le 10-15 bliana anuas, agus bhí roinnt saincheisteanna ann a bhain le cur chun feidhme na reachtaíochta uisce, de bharr cistiú neamhdhóthanach, den chuid is mó, agus de bharr cuspóirí comhshaoil a bheith á gcomhtháthú ar bhealach neamhleor isteach i mbeartais earnálacha. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh dúinn é freagraí a fháil ón gComhairle ar na ceisteanna seo a leanas:
- 1.Conas a ionchorpróidh an Chomhairle conclúidí na seiceála oiriúnachta a rinneadh le déanaí ar an reachtaíocht uisce, agus cén ghníomhaíocht nithiúil a dhéanfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí comhshaoil CTU a luaithe is féidir, agus faoi 2027 ar a dhéanaí?
- 2.Ós rud é go raibh cistiú neamhleor ar cheann de na príomh-shaincheisteanna a bhí ann maidir le cuspóirí na reachtaíochta a bhaint amach, conas a gheobhaidh na Ballstáit an cistiú is gá chun na bearta is gá a chur chun feidhme d’uiscí na hEorpa chun dea-stádas a bhaint amach?
- 3.Conas a chuirfidh na Ballstáit feabhas ar chomhtháthú chuspóirí comhshaoil na dTreoracha i mbeartais earnálacha, go háirithe sna hearnálacha talmhaíochta, fuinnimh agus an iompair?
- 4.Sainaithníodh sa tseiceáil oiriúnachta éagsúlachtaí suntasacha i gcur chun feidhme na dTreoracha idir na Ballstáit, mar shampla i ndáil leis na truailleáin a ndearnadh faireachán orthu agus na tairseacha a bunaíodh sa Treoir Screamhuisce[2]. Conas a dhéanfaidh na Ballstáit iarracht cur chun feidhme níos comhchuí a bhaint amach?
- 5.An measann an Chomhairle go bhfuil cistiú leordhóthanach leithdháilte ar CTU sa togra a rinneadh le déanaí maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil?
- 6.Cad iad na bearta breise a dhéanfaidh na Ballstáit chun gnóthú chostais na seirbhísí uisce a chur chun feidhme go hiomlán (Airteagal 9 CTU), go háirithe maidir le cur i bhfeidhm iomlán an phrionsabail ‘íoc mar a úsáidtear’ agus an phrionsabail ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’?
- 7.Cad atá beartaithe ag na Ballstáit chun laghdú a dhéanamh ar an úsáid a bhainfear as díolúintí ó CTU sa tríú timthriall de phleananna bainistithe abhantracha?
Curtha síos: 07/12/2020
Spriocdháta i gcomhair freagra: 08/03/2021
- [1] Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.
- [2] Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath, IO L 372, 27.12.2006, lch. 19.